¶ Má ḃíonn ofráil nó íoḋbuirt loiscṫe don airiġe, ofrálaḋ firionnaċ gán ċáide: ofrálaḋ sé, é da ṫoil áontaġaíḋ féin ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA.
A nuáir ḃías fios, an ṗeacaiḋ do ṗeacuiġeadar na aġuiḋ, ann sin ofrálfiḋ an coṁċruinniuġaḋ bulóg óg ar son an ṗeacaiḋ, agus do ḃéura é as coinne ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.
Nó má ḃíonn fios, an ṗeacaiḋ ionar ṗeacaiḋ sé aige: annsin do ḃéura ofráil leis, meannan do na gaḃruiḃ, bainionna gan toiḃéim, ar son an ṗeacaiḋ do ṗeacaiḋ sé.
Má ṗeacuiġéann an sagart atá úngṫa do réir ṗeacaiḋ an ṗobail; ann sin tugaḋ sé ar son an ṗeacuiġ, do ṗeacuiġ sé, bulóg óg gan toiḃéim ċum an TIĠEARNA mar ofráil ṗeacaiḋ.
Nó má ḃeir anum miónna, ga ráḋ ré na ḃéul go ndéana sé olc, nó go ndéana maiṫ, giḋ bé ar biṫ é ḟuaigeorus duine le mionnuiḃ, agus naċ raiḃ a ḟios aige; agus go gceilfiḋ é a nuair ḃias a ḟios aige, annsin biáiḋ sé ciontaċ a ní éigin díoḃso.
Agus laiḃeoruiḋ tú ré cloinn Israel, gá ráḋ, Glacaiḋsi meannán do na gáḃruiḃ ar son ofrála ṗeacaiḋ; agus láoġ, agus uan, araon don ċédḃlíaḋain, gan ċáiḋe, mar ofráil loiscṫe;
Annsin is aṁlaiḋ ḃías, má níṫear éainní tré aínḃfios gan ḟiós don ċoṁċruinniuġaḋ, go ttiuḃraid an pobal uile éanḃulóg óg úaṫa mar ofráil loiscṫe, mar ḃolaḋ ċuṁra dón TIĠEARNA, maille lé na ofráil ḃíḋ, agus ofráil diġe, do réir a norduiġe, agus éanṁeannán do na gaḃruiḃ mar ofráil ṗeacaiḋ.
Einṁeannán do na gaḃruiḃ ar son ofrála peacaiḋ; táoḃ amuiġ dofráil peacaiḋ na síoḋa, agus na hofrála loiscṫe gnáṫuiġ, agus a ofrála bíḋ, agus a nofráil diġe.
Oír an ní nár ḃéidir don dliġeaḋ do ḋéunaṁ, ar mbeiṫ ḋó anḃfann trés an ḃfeól, ar gcur a Ṁic féin do Ḋía ag cosaṁlaċd ċolla an ṗeacuiġ, agus ar son peacaiġ, do ḋamnuiġe sé an peacaḋ sa ccoluinn: