Mar au ccéadna ó ṗeacuiġiḃ uáiḃreaċa connuiṁ ar ais do ṡeirḃíseaċ; ná bíoḋ cuṁaċda aca orum: annsin ḃías mé díreaċ, agus bíad neiṁċiontaċ ó naindliġeaḋ ṁór.
Os a ċionn so; gléasfa tú as an bpobál uile dáoine acfuinneaċa, drong ar a mbí eagla Dé; dáoiné fírinneaċa, ḟuaṫuiġeas saint; agus cuir ós a ccionn íad, uaċdarain mileaḋ, uaċdarain céad, uaċdarain cáogad, agus uaċdaráin deiṫneaṁuir:
Ná léig lé do ḃéul a ṫáḃairt ar ṫfeóil peacuġaḋ; agus na habair a laṫair a naingil, gurab earráid é: créd as a mbeiṫ fearg ar Ḋía fa do ġlórsa, agus obair do láṁ do ṁilleaḋ?
¶ Agus má ṗeacuiġeann uile ċoṁċruinniuġaḋ Israel tré ainḃfios, agus an ni do ḃeiṫ fá ċeilt a súiliḃ an oireaċduis, agus go ndearnṫar ní éigin a naġuiḋ aiṫneaḋ an TIĠEARNA, a ttáoḃ neíṫeaḋ nár ċóir do ḋéanaṁ, agus go ḃfuilid ciontaċ;
Laḃair re cloinn Israel, ga ráḋ, Ma ṗeacúiġeann anum tré ainḃfios a naġuiḋ éanaiṫne an TIĠEARNA, (a ttáoḃ niṫeaḋ nár ċóir do ḋéanaṁ,) agus go ndéana sé ní a naġaiḋ éan ḋíóḃ.
¶ Agus ma ṗeacuiġeann anum do ṗobul na tíre tré ainḃfios, ar ndeanaṁ eainneiṫe a naġaiḋ éanaiṫne an TIĠEARNA, a ttáoḃ neiṫeaḋ nár ċóir a ḋéanaṁ, agus go mbia ciontaċ;
¶ Agus má ṗeacuiġeann anum, agus go ndéana éinní do na neiṫiḃsi do toirmioscaḋ uime do ḋéanaṁ lé haiṫeantuiḃ an TIĠEARNA; matá naċ raiḃ a ḟios aige, ṫairis sin atá ciontaċ, agus iomċóruiḋ sé a ċoir.
Annsin is aṁlaiḋ ḃías, má níṫear éainní tré aínḃfios gan ḟiós don ċoṁċruinniuġaḋ, go ttiuḃraid an pobal uile éanḃulóg óg úaṫa mar ofráil loiscṫe, mar ḃolaḋ ċuṁra dón TIĠEARNA, maille lé na ofráil ḃíḋ, agus ofráil diġe, do réir a norduiġe, agus éanṁeannán do na gaḃruiḃ mar ofráil ṗeacaiḋ.
Agus déirġeadar súas a laṫair Ṁaóise, maille re cuid airiġ do ċlannuiḃ Israel, ḋá ċéud agus cáogad prionsa don ċoiṁṫionól, óirḋeirc annsa ċoṁċruinniuġaḋ, dáoine aínmneaṁla: