Mar an ccéadna clann na muinntire rugaḋ ar siuḃal uile, agus dfill ón dáoirsine, dofráladar íoḋbarṫa loisge do Ḋía Israel, ḋá ḃulóig ḋéug arson Israel uile, nóċad agus sé reiṫe, seaċtṁoġad agus seaċt núain, ḋa ġaḃar ḋéug ḟirionna mar ofráil ṗeacuiḋ: do ḃadar so uile na nofráil loisge don TIĠEARNA.
¶ Annsin muirfiḋ gaḃar na hofrála, peacaiḋ, ḃías ar son an ṗobail, agus do ḃéura a ḟuil táoḃ a steaċ do nfolaċ, agus do ḋéana ris an ḃfuil sin mar do rinne sé ré fuil na bulóige, agus croiṫfiḋ í ar an suiḋe trócaíre, agus ar aġuiḋ an tsuiḋe ṫrócaire:
Agus leagfuiḋ Aáron a ḋá láiṁ ar ċionn an ġaḃair ḃeó, agus aideóṁuiḋ ós a ċionn olc ċloinne Israel uile, agus a sárúiġṫe iona bpeacaḋuiḃ uile, dá gcur ar ċionn an ġaḃair, agus cuirfiḋ ar siuḃal é lé láiṁ ḋuine iomċuḃaiḋ fán ḃfásaċ.
Agus an ḃulóg ar son na hofrála peacaiḋ, agus an gaḃar ar son na hofrála peacaiḋ, a ttugaḋ a ḃfuil a steaċ do ḋéanaṁ síoḋa annsa náit náoṁṫa, béurfuiḋ óglaċ amaċ as an ccampa íad; agus loiscfiḋ annsa teiniḋ a gcroicne, agus a ḃfeóil, agus a notraċ.
¶ Agus má ṗeacuiġeann uile ċoṁċruinniuġaḋ Israel tré ainḃfios, agus an ni do ḃeiṫ fá ċeilt a súiliḃ an oireaċduis, agus go ndearnṫar ní éigin a naġuiḋ aiṫneaḋ an TIĠEARNA, a ttáoḃ neíṫeaḋ nár ċóir do ḋéanaṁ, agus go ḃfuilid ciontaċ;
Agus do ḋéana sé ris an mbulóig mar do rinne ré bulóig ar son na hofrala peacaíḋ, mar sin do ḋéana sé ría so: agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon, agus maiṫfiġear ḋóíḃ é.
Annsin is aṁlaiḋ ḃías, má níṫear éainní tré aínḃfios gan ḟiós don ċoṁċruinniuġaḋ, go ttiuḃraid an pobal uile éanḃulóg óg úaṫa mar ofráil loiscṫe, mar ḃolaḋ ċuṁra dón TIĠEARNA, maille lé na ofráil ḃíḋ, agus ofráil diġe, do réir a norduiġe, agus éanṁeannán do na gaḃruiḃ mar ofráil ṗeacaiḋ.