2 Laḃair re cloinn Israel, ga ráḋ, Ma ṗeacúiġeann anum tré ainḃfios a naġuiḋ éanaiṫne an TIĠEARNA, (a ttáoḃ niṫeaḋ nár ċóir do ḋéanaṁ,) agus go ndéana sé ní a naġaiḋ éan ḋíóḃ.
Ann sin do ġoir Abimeleċ Abraham, agus a duḃairt ris, Créd do rinne tusa linne? agus créud a nurċóid do rinne mé féin duit, ás a ttug tú peacaḋ mór oram féin agus ar mo rioġaċd? do rinne tú gníoṁa orumsa nár ċóir a ḋéunaṁ.
Mar au ccéadna ó ṗeacuiġiḃ uáiḃreaċa connuiṁ ar ais do ṡeirḃíseaċ; ná bíoḋ cuṁaċda aca orum: annsin ḃías mé díreaċ, agus bíad neiṁċiontaċ ó naindliġeaḋ ṁór.
Ná léig lé do ḃéul a ṫáḃairt ar ṫfeóil peacuġaḋ; agus na habair a laṫair a naingil, gurab earráid é: créd as a mbeiṫ fearg ar Ḋía fa do ġlórsa, agus obair do láṁ do ṁilleaḋ?
¶ Agus má ṗeacuiġeann uile ċoṁċruinniuġaḋ Israel tré ainḃfios, agus an ni do ḃeiṫ fá ċeilt a súiliḃ an oireaċduis, agus go ndearnṫar ní éigin a naġuiḋ aiṫneaḋ an TIĠEARNA, a ttáoḃ neíṫeaḋ nár ċóir do ḋéanaṁ, agus go ḃfuilid ciontaċ;
¶ Agus ma ṗeacuiġeann anum do ṗobul na tíre tré ainḃfios, ar ndeanaṁ eainneiṫe a naġaiḋ éanaiṫne an TIĠEARNA, a ttáoḃ neiṫeaḋ nár ċóir a ḋéanaṁ, agus go mbia ciontaċ;
¶ Agus sé so cás an dúnṁarḃṫóra ṫeiṫfios, ionnas go ma féidir leis marṫuinn: giḋ bé ṁarḃus a ċoṁarsa go neiṁċiontaċ, naċ ar ḟúaṫaiġ sé san naimsir do ċuáiḋ ṫairis é;
Ar mbeiṫ ḋaṁ roiṁe um ḟear laḃarṫa blaisṗéimeaḋ, agus um ġerleanadóir agus um ḋuine eugcóraċ: aċd do rinneaḋ trócaire oram, ar a naḋḃar gur tré ainḃfios do rinne mé so ar ḋíṫ creidiṁ.
Aċd don dara ṫabernácail do ṫeiġeaḋ an tárdsagart na áonar áon úair aṁain gaċa blíaḋna, ní gan ḟuil, noċ do ḟoráileaḋ sé ar a ṡon féin, agus ar son ṡeaċráin an ṗobail:
Aċt ní ċúala Ionatan a nuáir do ċuir a aṫair na mionna ar na daóiniḃ: uimesin do ṡín bárr na slaite do ḃí na láiṁ, agus do ṫum a gcriaṫar meala, agus do ċuir a láṁ ċum a ḃeóil; agus do ṡoillsiġeadar a ṡúile.