Agus múna ḟéadfa sí úan do ṫaḃairt, ansin do ḃéara ḋá ṫurtuir, no ḋá ċolum óga; áon díoḃ mar ofráil loiscṫe, agus an dara mar ofráil ṗeacaiḋ: agus do ḋéana an sagart síṫ ar a son, agus biáiḋ sí glan.
Agus loiscfiḋ sé a ṁéaṫus uilé ar a naltóir, aṁuil ṁéaṫus ioḋbarṫa na hofrála sioṫċana: agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon a ttáoiḃ a ṗeacaiḋ, agus maiṫfíġear ḋo é.
Agus bainfiḋ sé amaċ an méaṫus uile, aṁuil mar ḃeantar amaċ méaṫus ó ioḋbairt na hofrála síoḋa; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir é mar ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA; agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon, agus maiṫfiġear ḋó é.
Agus bainfiḋ sé amaċ a ṁéaṫus uile, mar beantar méaṫus a nuain amaċ ó ioḋbuirt na hofrála síoḋa; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir íad, do réir na nofrálaḋ do nioṫar lé teíniḋ don TIĠEARNA: agus do ḋéana an sagart cáḋaċas ar son an ṗeácaiḋ do rinne, agus maiṫfíġear ḋó é.
Agus do ḃéura sé ofráil ċoire ċum an TIĠEARNA ar son an ṗeacaiḋ do rinne sé, bainionnaċ ón tréud, úan nó meannán ó na gaḃruiḃ, mar ofráil ṗeacaiḋ; agus do ḋéana an sagart síṫ ar a ṡon a ttáoḃ an ṗeacaiḋ.
Agus do ḋéana an sagart síṫ ar son ċloinne Israel uile, agus maíṫfiġear ḋóiḃ uile é; óir is ainḃfios é: agus do ḃéaruid a nofrail leó, íoḋbuirt ḋéanta lé teiniḋ don TIĠEARNA, agus a nofráil ṗeacaiḋ a laṫair an TIĠEARNA ar son á nainḃfios.
Noċ ar mbeiṫ ḋo na ḋeallraḋ glóire, agus na ioṁáiġ ḟíre a ṗearsannsan, agus ag congṁáil súas na nuile neiṫeann ré breiṫir a ċúṁaċd féin, ar nglanaḋ ar bpeacuiġne ḋó ṫríd féin, do ṡuiġ sé ar láiṁ ḋeis na Mórġaċda sna hárduiḃ;
A né náċ ro ṁó ná sin ḋéunas fuil Ċríosd, noċ do ḟoráil é féin gan ċáiḋe do Ḋía trés an Sbiorúid ṡíorruiḋe, ḃur ccoinnsíassa ġlanaḋ ó oibreaċuiḃ marḃa ċum seirḃíse do ḋéunaṁ don Día ḃeó?