Agus a duḃairt sé ré Maóise, Tárr súás ċum an TIĠEARNA, ṫu féin, agus Aáron, Nadab agus Abihú, agus seaċdṁoḋad do ṡinnsearuiḃ Israel; agus aḋruiḋsi a ḃfad amaċ.
¶ Má ḃíonn ofráil nó íoḋbuirt loiscṫe don airiġe, ofrálaḋ firionnaċ gán ċáide: ofrálaḋ sé, é da ṫoil áontaġaíḋ féin ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA.
Agus leagfuiḋ Aáron a ḋá láiṁ ar ċionn an ġaḃair ḃeó, agus aideóṁuiḋ ós a ċionn olc ċloinne Israel uile, agus a sárúiġṫe iona bpeacaḋuiḃ uile, dá gcur ar ċionn an ġaḃair, agus cuirfiḋ ar siuḃal é lé láiṁ ḋuine iomċuḃaiḋ fán ḃfásaċ.
Agus do ḃéara sé an ḃulóg ċum doruis ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a laṫair an TIĠEARA; agus leagfa a láṁ ós cionn na bulóige, agus muirfiḋ sé an ḃulóg a ḃfiadnuise an TIĠEARNA.
¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Cruinniġ ċugamsa seaċdṁoċad fear do ṡinnsearuiḃ Israel, noċ is aiṫne ḋuit ḃeiṫ na sinsir an ṗobail, agus na noifigiḋ ós a cionn; agus taḃair íad go tabernácuil an ċoṁċruinniġṫe, go raḃaid na seasaṁ ad ḟoċairsi annsin.
Agus táinic an TIĠEARNA a nuas a néull, agus do laḃair ris, agus do ṫóg cuid don spioraid do ḃí air, agus tug don tseaċdṁoḋad séanóir é: agus tárla, a nuáir do ċoṁnuiḋ an spiorad orrasan, go ndearnadar fáiġeadoireaċd, agus nár stadadar.
Agus cuirfid na Leḃítiġ a láṁa ar ċeannuiḃ na mbulóg: agus do ḋéana tú íoḋbuirt daon aca mar ofráil ṗeacaiḋ, agus don dara mar ofráil loiscṫe, don TIĠEARNA, do ḋéanaṁ sióḋa do na Leḃitiḃ.