Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 3:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus ofralfuiḋ sé do ioḋbuirt na hofrála sióḋa ofráil déanta le teiniḋ don TIĠEARNA; a ġeir, agus a iorball uile, béanfuiḋ sé sin amaċ láiṁ ris an ccnáiṁ droma; agus an ġeir ḟolċus na hionaṫuir, agus an uile ṁéaṫus ḃíos ar an hinniġiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 3:9
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus tugadar a steaċ aírc an TIĠEARNA, agus do ċuireadar na suiġe ann a haít féin í, a lár an tabernacuil noċ do ċuir Dáiḃi súas di: agus do íoḋbuir Dáiḃi ofráil loisge agus íoḋbarṫa síoṫċána a laṫair an TIĠEARNA.


Agus do ṁúscail Solaṁ; agus, féuċ, dob aisling í. Agus ṫáinic sé go Hierusalem, agus do ṡeas a ḃfíaḋnuise aírce ċunnarṫa an TIĠEARNA, agus dofráil sé ofrála loisge, agus dioḋbuir sé ofrála síoṫċána, agus do rinne sé féusta ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ uile.


Agus dioḋbair Solaṁ íoḋbairt ofrála síoṫċána, noċ do ofráil sé don TIĠEARNA, ḋá ṁíle ḟiṫċiod daṁ, agus céud agus fiṫċe míle cáora. Marsin do ċoisrig an ríġ agus clann Israel uile tiġe an TIĠEARNA.


An la sin féin do ċoisrig an ríġ meaḋón na cúirte do ḃí as coinne ṫiġe an TIĠEARNA: óir is ann sin do ofráil sé íoḋbarṫa loisge, agus ofrála bíḋ, agus méaṫus na hofrála síoṫċána: do ċionn gó raiḃ a naltóir ṗráis do ḃí a laṫair an TIĠEARNA roiḃeag do ġlacaḋ na nofrálaḋ loisge, agus na nofrálaḋ bíḋ, agus méaṫuis na nofrálaḋ síoṫċána.


Marsin ṫugadar leó aírc Dé, agus do ṡuiġeadar í a lar an lóistín do ċuir Dáiḃi na ṡeasaṁ ḋi: agus dofráladar ofráil loisge agus ofráil ṡióṫċána a ḃfiaḋnuisi Dé.


Agus mar an gcéadna beanfa tú don reiṫe an ġeir agus bun a nearbuill, agus an ġeir ḟolċus na hineíḋe, agus scairt na náe, agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir atá orra, agus an slínnéun deas: óir is reiṫe ċoisricġe é.


A ṁic, taḃair ḋaṁsa do ċroiḋe, coiṁéadaidís do ṡúile mo ṡliġṫe.


¶ Giḋeaḋ buḋ toil leis an TTIĠEARNA a ḃrúġaḋ, do ċuir sé ċum doilġis é: a nuáir do ḋéana tú ofráil da anam ar son ṗeacaiḋ, do ċifiḋ sé a ṡíol, faideoċuiḋ sé a láeṫe, agus raċuiḋ deaġṫoil an TIĠEARNA ar a haġaiḋ iona láiṁ.


Ar ċor go ttiuḃraidís clann Israel a níoḋbarṫa, noċ ofráilfid ar an maċaire a muiġ, eaḋon go dtuḃradís iad don TIĠEARNA, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, ċum an tsagairt, agus go nofráilfid mar ofráluiḃ síoṫa don TIĠEARNA íad.


Agus ofráilfiḋ sé ḋe méaṫas uile; a niorbuil, agus an méaṫas ḟolċus na hinníḋe,


Agus do ġlac an ġeir, agus an tiorbull, agus an ġeir do ḃí ar an mionaċ uíle, agus an sgairt ós cionn na náe, agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir, agus an slinnéun deas:


Agus méaṫas na bulóige agus an reiṫe, an tiorbull, agus an ní ḟolċas an mionaċ, agus na duḃáin, agus an scairt ós cionn na náe:


Agus na huile daiṁ ċum íoḋbarṫa na hofrála síoṫċána do ḃádar a ceaṫair fiṫċiod do ḃuloguiḃ, na reiṫeaḋa sé fiċid, na buic sé fiċid, na húain don ċéaid ḃliaḋuin sé fiċid. Dob íad so taḃartuis na haltóra, tár éis a beiṫ ungṫa.


Agus raċaiḋ tú síos roṁamsa go Gilgal; agus, féaċ, tiucfá misi siós ċugad, dofráil ofrala loisge, agus díoḃairt íoḋbarṫa ofrala sióṫċána: seaċd lá ḟanfas tú go tti misi ċugad, agus go ttaisbeanuiḋ mé ḋuit créd ḋéanfas tú.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ