Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 3:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 ¶ Agus má ḃíonn a ofráil ar son ioḋbarṫa ofrála sioṫċána don TIĠEARNA don tréud; ḟirionn nó ḃainionn, ofráilfiḋ sé é, gan ċáiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 3:6
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cruinneoċṫar tréuda Cedar uile mar áon ċugadsa, foiġeonuid reiṫeaḋ Nebaiot ḋuit: tiucfuid súas maille ré mo ḋeaġṫoilsi ar maltóir, agus glóirfiodsa tiġ mo ġlóire.


¶ Agus más do na tréaduiḃ ḃías a ioḋbuirt, do na cáorċuiḃ nó do na gaḃruiḃ, mar ofráil loiscṫe; do ḃéara leis é na ḟirionnaċ gan toiḃéim.


Laḃair ré cloinn Israel, agus abair riú, Ma ḃeir éanduine aguiḃ ofráil ċum an TIĠEARNA, do ḃeárṫáoi ḃur nofráil do narnéis, eaḋon don airiġe, agus don tréud.


Agus ma ṫairgṫí íoḋbuirt dofráil ṡíoḋa don TIĠEARNA, ofráilfiḋ í ar ḃur ttóil féin.


Aċd gioḋ bé ar biṫ ar a ḃfuil toiḃéim, ní ofrálfuiḋe sin: óir ní géaḃṫar ar ḃur son é.


Ann sin do ḋéantaoi ioḋbuirt do ṁeannán dona gaḃruiḃ ar son ofrála peacaiḋ, agus ḋá úan don ċéaidḃlíaḋuin ar son íoḋbarṫa ofrála sioṫċána.


Agus gléusfa tú ceaṫraṁaḋ do hin ḟíona mar ofráil diġe maille re hofráil loiscṫe nó lé híoḋbuirt, ar son gaċ úain.


Agus ofralfuiḋ sé a ofraíl don TIĠEARNA, eaḋon éan úan firionn don ċéad ḃliaḋuin gan toiḃéim ar son ofrála loiscṫe, agus én úan bainionn don ċead ḃliaḋuin gan toiḃéim arson ofrála peacaiḋ, agus éainreiṫe gan toiḃeím air son ofrala síoḋa,


Oír do ċruinniġeadar gan ċonntaḃairt a ḃfoċair a ċéile, sa ċaṫraiġse, Ioruaiḋ, agus Poinnsius Píoláid, maille ris na Cineaḋaċuiḃ, agus ré puibleaċaiḃ Israél, a naġaiḋ do Ṁic náomṫa Iósa, noċ do óng tú,


Ní ḃfuil Iúduiġe na Gréugaċ, ní ḃfuil sáor na dáor, ní ḃfuil fear na bean: óir is áon siḃ uile a Niósa Críosd.


Aċd ar gcoiṁlíonaḋ na haimsire, do ċuir Día a Ṁac féin úaḋ, do gineaḋ ó ṁnáoi, agus do gineaḋ fáoi an réaċd,


A miniosdralaċd ċoiṁlíonta na haimsire na huile neiṫe a Ccríosd, noċ atá ar neaṁ, agus ar talaṁ, do ċruiniuġaḋ a gceann a ċéile; annsan:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ