Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 3:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus loiscfid clann áaron é ar an altóir ar an ioḋbuirt loiscṫe, noċ ḃíos ar an gconnaḋ ḃíos ar an tteniḋ: ofrail déanta le teniḋ, do ḃolaḋ cumbra don TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 3:5
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An la sin féin do ċoisrig an ríġ meaḋón na cúirte do ḃí as coinne ṫiġe an TIĠEARNA: óir is ann sin do ofráil sé íoḋbarṫa loisge, agus ofrála bíḋ, agus méaṫus na hofrála síoṫċána: do ċionn gó raiḃ a naltóir ṗráis do ḃí a laṫair an TIĠEARNA roiḃeag do ġlacaḋ na nofrálaḋ loisge, agus na nofrálaḋ bíḋ, agus méaṫuis na nofrálaḋ síoṫċána.


Agus na ḋiáiġ sin do ḋeasuiġeadar ḋóiḃ féin, agus do na sagartuiḃ: do ḃríġ go raḃadar na sagairt mic Aáron a ttimċioll ioḋbarṫa na nofrálaċ loisge agus an ṁéaṫuis gus a noiḋċe; uimesin do ġléusadar na Leḃítiġ ḋóiḃ féin, agus do na sagartuiḃ mic Aáron.


Agus glacfa tú an méaṫas uile ḟolċus an mionaċ, agus án scairt ḃíos ós cionn na náe, agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir ḃías orra, agus loisg ar a naltóir íad.


¶ Aċt tiucfuid na sagairt na Leḃítiḃ, mic Ṡadoc, noċ do ċoiṁéad cúram mo ṡanctóra an tan do ċuádar clann Israel ar seaċrán uaim, am ġar do ṁiniostralaċd daṁ, agus seasfuid am ḟiaḋnuise dofráil an ṁéuṫuis agus na fola ḋaṁ, a deir an Tiġearna DIA:


A náit a ttugaḃair coiṁṫiġiḋ, gan timċillġearraḋ iona ccroiḋe, agus gan timċillġearraḋ iona ḃfeóil, do ḃeiṫ ann mo ṡanctóirse, dá ṫruáilleaḋ, eaḋon mo ṫiġ, an tan ofráilṫi marán, an méuṫus agus a nfuil, agus do ḃrisiodar mo ċunnraḋ do ḃríġ ḃur nuile ġráineaṁlaċtasa.


Aċd nifiġ sé na hinniġe agus na cosa a nuisce: agus do ḃeára an sagart leis sin uile, agus loiscfiḋ sé ar a naltóir é: is ofráil loiscṫe é, ofráil déanta lé teiniḋ, do ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.


Agus scoiltfiḋ sé é go na sciaṫánuiḃ, aċd ní roinnfiḋ ó ċéile é; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir é, ar an cconnaḋ atá ar an teiniḋ: is ofráil loiscṫe é, ofrail déanta le teiniḋ, do ḃoluiḋ cuṁra don TIĠEARNA.


Aċd na hinniġe agus na cosa niġfiḋ sé a nuise: agus loiscfiḋ an sagart an tiomlán ar a naltóir, do ḃeiṫ na ioḋbuirt loiscṫe, ofrail ar na ḋéanaṁ lé teiniḋ, do ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.


Agus loiscfiḋ an sagart ar an altóir é: sé sin bíaḋ na hofrala déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.


Agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir ḃíos orra, noċ ḃíos láiṁ ris na hárannuiḃ, agus an scairt ós cionn na naé, maille ris na duḃánuiḃ, béaruiḋ sé sin leis as.


Agus bainfiḋ sé amaċ an méaṫus uile, aṁuil mar ḃeantar amaċ méaṫus ó ioḋbairt na hofrála síoḋa; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir é mar ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA; agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon, agus maiṫfiġear ḋó é.


Agus bainfiḋ sé amaċ a ṁéaṫus uile, mar beantar méaṫus a nuain amaċ ó ioḋbuirt na hofrála síoḋa; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir íad, do réir na nofrálaḋ do nioṫar lé teíniḋ don TIĠEARNA: agus do ḋéana an sagart cáḋaċas ar son an ṗeácaiḋ do rinne, agus maiṫfíġear ḋó é.


Agus biáiḋ an teine ar a naltóir ag loscaḋ innte; ní múċfuiġear i; agus loiscfiḋ an sagart connaḋ uirre gaċ áon ṁaidin, agus leagfa a nofráil loiscṫe a nórd uirre; agus loiscfiḋ uirre méaṫas na nofrálaċ síoṫċána.


¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Máoise, ḋá ráḋ,


Agus tug a nofráil ḃíḋ, agus do ġlac lán duirn di, agus do loisc í ar a naltóir, táoḃ a muiġ díoḋbuirt loiscṫe na maidne.


Agus a nuáir ġléasfas tú bulóg mar ofráil loiscṫe, nó mar íoḋbuirt a ccoiṁlíonaḋ móide, ná ofrála síoḋa don TIĠEARNA:


Aċd céadláoġ bó, nó céadúan cáoraċ, no céadṁeannan gaḃair, ní ḟuáisceola tú; atáid sin náoṁṫa: croiṫfe tú a ḃfuil ar a naltóir, agus loisgfe tú a méaṫas mar ofráil déanta lé teiniḋ, mar ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA.


Agus trí ḋeaċṁaḋ cuid do ṗlúr mar ofráil ḃíḋ, cumuiscṫe le hola, déan ḃulóig áṁáin; agus ḋá deaċṁaḋ cuid do ṗlúr mar ofráil ḃíḋ, cumaiscṫe le hola, déinreiṫe aṁáin;


¶ Agus déara tusa riú, Sí so a nofráil deánta le teiniḋ noċ íoḋbarṫáoi don TIĠEARNA; ḋá úan don ċéídḃlíaḋuin gan ċaiḋe gaċ lá, mar ofráil loiscṫe go gnáṫaċ.


Agus bíġiḋse mar ḃéoċloċaiḃ, tógṫa súas ḃur dtiġ spioradálta, ḃur sagartaċd náoṁṫa, ċum íoḋbarṫaḋ spioradálta dforáil, ar a mbiáiḋ gean ag Día tré Iósa Críosd.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ