Agus glacfa tú an méaṫas uile ḟolċus an mionaċ, agus án scairt ḃíos ós cionn na náe, agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir ḃías orra, agus loisg ar a naltóir íad.
Agus mar an gcéadna beanfa tú don reiṫe an ġeir agus bun a nearbuill, agus an ġeir ḟolċus na hineíḋe, agus scairt na náe, agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir atá orra, agus an slínnéun deas: óir is reiṫe ċoisricġe é.
Déana croiḋe na ndaómesi méiṫ, agus déana a cclúasa trom, agus druid a súile; deagla go ḃfaicfidis le na súiliḃ, agus go ccluintidís lé na cclúasaiḃ, agus go ttuigfidís lé na ccroiḋe, agus go ḃfillfidís, agus go mbéidís slán.
Do ḃéara mé fós croiḋe núaḋ ḋiḃ, cuirfiḋ mé spiorad núaḋ a stiġ ionnuiḃ: agus beanfa mé an croiḋe cloċaṁail amaċ as ḃur ḃfeóil, agus do ḃéara mé croiḋe féola ḋiḃ.
¶ Aċt tiucfuid na sagairt na Leḃítiḃ, mic Ṡadoc, noċ do ċoiṁéad cúram mo ṡanctóra an tan do ċuádar clann Israel ar seaċrán uaim, am ġar do ṁiniostralaċd daṁ, agus seasfuid am ḟiaḋnuise dofráil an ṁéuṫuis agus na fola ḋaṁ, a deir an Tiġearna DIA:
Agus leagfa sé a láṁ ar ċionn a ofrála, agus muirfiḋ sé é ag dorus ṫabernacuíl an ċoṁċruinniġṫe: agus croiṫfid mic Aaron na sagairt an ḟuil ar an altóir timċioll fa gcuáirt.
Agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir ḃíos orra, noċ ḃíos láiṁ ris na hárannuiḃ, agus an scairt ós cionn na naé, maille ris na duḃánuiḃ, béaruiḋ sé sin leis as.
A láṁa féin ḃéurus leis ofrail an TIĠEARNA déanta lé teiniḋ, an ġeir maille ris an gclíaṫán, do ḃeura sé leis, cor go gcroiṫfidis an cliaṫán ar son ofrála luáiṁniġṫé as coinne an TIĠEARNA.
Ar mbeiṫ ḟios so aguinn, go ḃfuil ar seanduine ar ná ċéusaḋ maráon rision, do ċum go sgriosfuiḋe corp an ṗeacaiḋ, ionnus náċ déanamaóis seirḃis ó so súas don ṗeacaḋ.
Agus timċillġearrfuiḋ do ṪIĠEARNA Día do ċróiḋe, agus croiḋe do ṡleaċda, do ġráḋuġaḋ do ṪIĠEARNA Dé red ċroiḋe uile, agus led anum uile, ċor go mairfe tú.
Mar an gcéadna suil do loisgedís an méaṫus, do ṫigeaḋ serḃḟoġantuiġ an tsagairt, agus a deireaḋ ris an té do níoḋ an níoḋbairt, Taḃair feóil róstaḋ don tsagart; óir ní ġéaḃa sé feóil ḃruite uáid, aċd feóil aṁ.