2 Agus leagfa sé a láṁ ar ċionn a ofrála, agus muirfiḋ sé é ag dorus ṫabernacuíl an ċoṁċruinniġṫe: agus croiṫfid mic Aaron na sagairt an ḟuil ar an altóir timċioll fa gcuáirt.
Agus muirfiḋ sé é ar ṫáoiḃ na haltóra leaṫ ṫuaiġ a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA: agus na sagairt clann Aáron, croiṫfid an ḟuil timċioll fa gcuáirt ar a naltóir.
Agus naċ dtiuḃra go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe é, do ofráil íoḋbarṫa don TIĠEARNA as coinne ṫabernacuil an TIĠEARNA; cuirfiġear fuil a leiṫ an ḟirsin; do ḋóirt sé fuil; agus gearrfuiġear an duine sin amaċ ó ṁeasg a ḋáoine:
Agus leagfa a láṁ air cionn a ofrála, agus muirfiḋ é as coinne an tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe: agus croiṫfiḋ clann Aaron a ḟuil timċioll fá gcuairt ar an altóir.
¶ Agus dóirtfiḋ mé air ṫiġ Ḋáiḃi, agus ar áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, spiorad na ngrás agus na neadarġuiḋeaḋ; agus féuċfuid orumsa noċ do ṫolladar, agus caóiḋfid air a ṡonsan, mar ċaóiḋios duine ar son a aoínṁic, agus béid siad a ndoilġios air a ṡon, aṁuil mar ḃíos duine a ndoilġios ar son a ċéidġine.
Aċd céadláoġ bó, nó céadúan cáoraċ, no céadṁeannan gaḃair, ní ḟuáisceola tú; atáid sin náoṁṫa: croiṫfe tú a ḃfuil ar a naltóir, agus loisgfe tú a méaṫas mar ofráil déanta lé teiniḋ, mar ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA.