Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 3:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Biaiḋ sé na reaċd ṡiorruiḋe da ḃur ngeinealaċaiḃ ar feaḋ ḃur náitreaḃ, naċ ióstáoi méaṫus nó fuil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 3:17
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċ feóil maille ré na hanam, eaḋon a fuil, ní iósa siḃ.


Agus mar an ccéadna do ḃádar na hofrála loisge iomadaṁuil, maille re méaṫus na nofrálaċ síoṫċána, agus na nofrálaċ diġe da gaċ áon ofráil loisge. Mar sin do cuireaḋ serḃís ṫíġe an TIĠEARNA a nórduġaḋ.


Ann sinn a duḃairt sé ríu, Imṫiġiḋ roṁuiḃ, iṫiḋ an méaṫus, agus iḃiḋ an ṁillsi, agus cuiriġ roinn ċum na druinge dá nar hullṁuiġeaḋ éinní: óir atá an láso náoṁṫa dar TTIĠEARNA: narab mó ḃías doilġios oruiḃ; óir isé gáirdeaċus an TIĠEARNA ḃur neart.


A ttabernacuil an ċoṁċruiniġe táoḃ amuiġ don ḟolaċ, noċ atá, as coinne na fiaḋnuisi, oirdeoċuid Aáron agus a ṁic é ó ṫraṫnóna go maidin a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA: biáiḋ so na statúid go bráṫ da ngeinealaċuiḃ, do ṫáoiḃ ċloinne Israel.


Agus béid síad ar Aáron, agus ar a ṁacaiḃ, a nuáir ṫiucfaid síad a steaċ go tabernacuil an ċoṁċruinniġ, nó a nuáir ṫiucfaid síad a ḃfogus do naltóir do ṁiniostralaċd an sa náit náoṁṫa; go naċ iomċraid eúgceart, agus go néagfuid: biáiḋ sé na reaċd go bráṫ ḋó féin, agus dá ṡlioċd na ḋiáiġ.


Uimesin abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Iṫiḋsi maille ris an ḃfuil, agus tógṫaói ḃur súile súas ċum ḃur nioḋal, agus dóirtiġe fuil: agus an sealḃoċuiḋese an fearann?


¶ Aċt tiucfuid na sagairt na Leḃítiḃ, mic Ṡadoc, noċ do ċoiṁéad cúram mo ṡanctóra an tan do ċuádar clann Israel ar seaċrán uaim, am ġar do ṁiniostralaċd daṁ, agus seasfuid am ḟiaḋnuise dofráil an ṁéuṫuis agus na fola ḋaṁ, a deir an Tiġearna DIA:


A náit a ttugaḃair coiṁṫiġiḋ, gan timċillġearraḋ iona ccroiḋe, agus gan timċillġearraḋ iona ḃfeóil, do ḃeiṫ ann mo ṡanctóirse, dá ṫruáilleaḋ, eaḋon mo ṫiġ, an tan ofráilṫi marán, an méuṫus agus a nfuil, agus do ḃrisiodar mo ċunnraḋ do ḃríġ ḃur nuile ġráineaṁlaċtasa.


Do ḃéaruid léo an slinnéan togṫa agus an tuċd croiṫte maille ris na hofráluiḃ do niṫear le teiniḋ don ġeir, dá ċraṫaḋ mar ofráil ċroiṫte a ḃfiaḋnuise an TIĠEARNA; agus buḋ leatsa é, agus léad ṁacaiḃ maille leaċd, a statúid go bráṫ; mar do aiṫin an TIĠEARNA.


Ná hiḃiḋ fíon nó deoċ ládir, ṫusa, nó do ṁic maille leaċd, a nuáir raċtáoi go tabérnacuil an ċoṁċruinniġṫe, deagla go ḃfuiġeaḋ siḃ bás: biáiḋ sin na reaċd go bráṫ ar feaḋ ḃur ngeinealaċ:


Agus biáiḋ so na statúid go bráṫ aguiḃ: ḃur nanmanna do ċráḋ ar an seaċdṁáḋ mí, ar an deaċṁaḋ lá don ṁí, agus ní ḋéantáoi obair ar áonċor, más do ḃur ttír féin é, no coiṁṫiḋeaċ ċoṁnuiġeas ḃur measg:


Agus biaiḋ so na statúid ṡíorruiḋe aguiḃ, do ḋéanaṁ síoḋa do ċloinn Israel ar son a bpeacuiġiḃ uile uáir san mblíaḋuin. Agus do rinne sé mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.


Agus ní ofráilfid nís mó a níoḋbarṫa do ḋíaḃluiḃ, a ndiáiġ ar imṫiġeadar lé stríapaċus. Biáiḋ so na statúid aca go bráṫ ar feaḋ a ngeinealaċ.


¶ Ní íostáoi ni ar biṫ maille ris an ḃfuil: ní mo ġnaíṫeoċṫáoi geasadóireaċd, ní ċuirfíḋe beann ar aimsearuiḃ áiriġe.


Agus ní iostaoi aran, nó grán bórṫa, no diása glasa, go ttí an la céadna a ttugaḃair ofráil ċum ḃur Ndé: biáiḋ na statúid ṡiorruiḋ ar feaḋ ḃur ngeinealaċ ion ḃur nuile áit ċoṁnuiġe.


Agus fuáigeorṫáoi an lá sin féín, go mbía na ċoṁġairm naoṁṫa ḋaoiḃ: ní ḋeantaoi obair ṡáoṫraċ ar biṫ ann: biáiḋ na statúid go bráḋ ann ḃur nuile áit ar feaḋ ḃur ngeinealaċ.


Táoḃ a muiġ dfolaċ ḟíaḋnuise, ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, óirdeoċus Aáron é ó ṫráṫóna go maidin a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA go síorruiḋe: biáiḋ na statúid a gcoṁnuiḋe ann ḃur sleaċduiḃ.


Agus buḋ lé Haaron agus lé na ċloinn é; agus íosuid é annsa náit náoṁṫa: óir atá sé ró náoṁṫa aige dofráluiḃ an TIĠEARNA déanta lé teiniḋ lé statúid ṡioṫḃuáin.


Agus loisgfiḋ an sagart iad ar an altoir: sé sin biaḋ na hofrálá déanta le teiniḋ mar ḃolaḋ cuṁra: a nuile ṁéaṫus is léis an TIĠEARNA é.


Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, da ráḋ,


Agus glacfuiḋ lán a ḋuirn, do ṗlúr na hofrála bíḋ, agus dá hola, agus an tuis uile ḃías ar a nofráil bíḋ, agus loiscfiḋ ar a naltóir mar ḃolaḋ ċuṁra, eaḋon na ċuiṁne sin, don TIĠEARNA.


A ḃfuil dfirionnċaiḃ a measc ċloinne Aáron íosaid de. Biáiḋ na reaċd go bráṫ ionḃur ngeinealaċaiḃ a ttáoḃ ofrálaiḋ an TIĠEARNA do níṫear lé teiniḋ gaċ áon dá mbeanfa riú biáiḋ náoṁṫa.


Agus an sagart dá ṁacaiḃ atá ungṫa na áit ofráilfiḋ sé é: búḋ statúid ċoiḋċe don TIĠEARNA í, loiscfiġear go híomlán í.


Laḃáir re cloinn Israel dá ráḋ, Ni íostáoi éainġné ṁéaṫas, doiṁ, nó cáoraċ, no gaḃair.


Oír do ḃean misi an tuċd luáimneaċ agus an slinneán tógṫa do ċloinn Israel do íoḋbuirt a nofrála síoṫċána, agus ṫug mé do Aáron an sagairt íad agus dá ṁacaiḃ mar statúid go bráṫ ó ṁeasc cloinne Israel.


Noċ do aiṫin an TIĠEARNA do ṫaḃairt dóiḃ ó ċloinn Israel, annsa ló ar ungaḋ íad, lé statúid go bráṫ ar faḋ a ngeinéalaċ.


Agus biáiḋ sé na reáċd síorruiḋe ḋóiḃ, an te ċroiṫeas uisge an dealuíġṫe niġfiḋ sé a éadaċ; agus an té ḃeanas ré huisge an dealuiġṫe biáiḋ sé neaṁġlan go tráṫnóna.


A duḃairt Iósa an tansin ré na ḋeisciobluiḃ, Más áill le neaċ teaċd am ḋiaġsi, díultaḋ sé ḋó fein, agus tóġaḋ sé a ċros, agus leanaḋ se misi.


Oír is í so mfuilsi na tiomna núaiḋe, ḋoírtear ar som ṁóráin ċum maiṫeaṁnuis na bpeacaḋ.


Go seaċna siḃ féin ar neiṫiḃ do níṫear ofráil dioḋaluiḃ, agus ar ḟuil, agus ar ní taċduiġe, agus ar striopṫaċus: má ċongḃuiṫí siḃ féin úaṫa so, is maiṫ do ḋéuntáoi. Slán liḃ.


Iona ḃfuil fuásglaḋ aguinn tré na ḟuil, (maiṫṁeaċas na boeacaḋ,) do réir ṡáiḋḃris a ġrássan:


Ionnus go ndéanaḋ náomṫa í ar na glanaḋ ḋó a niġe uisge trés an mbréiṫir,


Aṁáin ní iostaói a nfuil; dóirtfiḋe ar an ttaluṁ í aṁuil uisge.


Aċd aṁáin bí deiṁin naċ iósa tú a nfuil: óir isí a nfuil an tanum; agus ní cóir ḋuitsi an tanum diṫe maille ris an ḃfeóil.


Ní íósa tú í; dóirtfiḋ tú í ar an ttaluṁ aṁuil uisge.


Aṁáin ní íosa tú a ḟuil; dóirtfe tú ar an ttalaṁ í aṁuil uisge.


Im bó, agus bainne cáoraċ, maille ré méaṫas úan, agus reiṫeaḋ do ṡíolraḋ Básau, agus gaḃar, maille ré méaṫas duḃán na cruiṫneaċda; agus do iḃ tú fuil ġlan na ccáor.


Oír as maiṫ gaċ ní do ċrúṫuiġ Día, agus ní cóir éinní deiteaċ, aċd go ngaḃṫar é máille ré breiṫ ḃuiḋeaċuis:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ