A náit a ttugaḃair coiṁṫiġiḋ, gan timċillġearraḋ iona ccroiḋe, agus gan timċillġearraḋ iona ḃfeóil, do ḃeiṫ ann mo ṡanctóirse, dá ṫruáilleaḋ, eaḋon mo ṫiġ, an tan ofráilṫi marán, an méuṫus agus a nfuil, agus do ḃrisiodar mo ċunnraḋ do ḃríġ ḃur nuile ġráineaṁlaċtasa.
Béid síad náoṁṫa ċum a Ndé, agus ní ṫarcuisneoċuid síad ainm a Ndé: óir ofrála an TIĠEARNA déanta le teiniḋ, agus arán a Ndé, ofráluid siad: uime sin béid náoṁṫa.
Ní mó ofráilfiḋe bíaḋ ḃur Dé as láiṁ ċoiṁiġṫiġ déainní ḋíoḃso; do ċionn ḃfuil a morgaḋ féin ionta, agus go ḃfuilid ainṁe orra: ní ġéuḃṫar ar ḃur son íad.
Agus loiscfid clann áaron é ar an altóir ar an ioḋbuirt loiscṫe, noċ ḃíos ar an gconnaḋ ḃíos ar an tteniḋ: ofrail déanta le teniḋ, do ḃolaḋ cumbra don TIĠEARNA.
Aiṫin do ċloinn Israel, agus abair riú, Coiṁéadfuid mofráil, agus marán ċum ioḋbarṫa déanta lé teiniḋ, mar ḋeaġḃolaḋ ḋaṁsa, dá ofráil ḋaṁ na am iomċuḃaiḋ féin.
Ar an ṁoḋso ofráilfiḋe go laeṫeaṁuil, ar feaḋ na seaċd lá, bíaḋ na híoḋburṫa déantá lé teiniḋ, do ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA: ioḋbórṫar é táoḃ amuiġ do nofráil loiscṫe ġnáṫaiġ, agus a ofráil diġe.
Féuċ, seasaim ag an doras, agus bím ḋá ḃuálaḋ: ma éisdeann einneaċ rém ġúṫ, agus go noisgeóluiḋ an doras, raċa mé a steaċ ċuige, agus íosad mo ṡuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.