1 Agus má ḃíonn a ofráil na ioḋbuirt ṡíoṫċana, mas don airiġe afrálas sé; má ḃionn firionn no baínionn, ofrálfuiḋ sé é gan tóiḃeim a laṫar an TIĠEARNA.
Agus do rinne Dáiḃi altóir ann sin don TIĠEARNA, agus dofráil sé foḋburṫa loisge agus ofrála síoṫċána, agus do ġoir air an TTIĠEARNA; agus do ḟreagair sé ó ḟlaiṫeaṁnus é maille re teine air altóir na híoḋbarṫa loisge.
Altóir do ċriáiḋ do ḋéana tú ḋáṁsa, agus ioḋbóruiḋ tú uirre sin, hofrála loisge, agus hofrála síoṫċána, do ċáoiriġ, agus do ḋaiṁ; sa nuile ḃall a ttiuḃra mé fa deara mainm do ċuiṁniuġaḋ, tiucfa mé ċugadsa, agus beannoċa mé ṫú.
Agus buḋ le Haáron agus le na ṁacaiḃ sin maille ré reaċd ṡíorruiḋe ó ċloinn Israel: óir is ofráil tógṫa í: agus buḋ ofráil tógṫa ó ċloinn Israel í do ioḋburt na hofrála síoṫċána í, a nofráil tógṫa ċum an TIĠEARNA.
Agus an tan ċríoċnoċṫar na láeṫesi, aseaḋ ḃías air, a noċtṁaḋ lá, agus mar sin súas, go ndéanuid na ságairt ḃur nofrála loisge air a naltóir, agus ḃur nofrála síoṫċána; agus géaḃa misi siḃsi, a deir an Tiġearna DIA.
Agus áon úan as an ttréud, as ḋá ċéad, as inuḃior ṁéuṫ Israel; mar ofráil ḃíḋ, agus ofráil loisge, agus mar ofráil ṡíoṫċána, do ḋéanaṁ aṫċáirdís ḋóiḃ, a deir an Tiġearna DIA.
¶ Má ḃíonn ofráil nó íoḋbuirt loiscṫe don airiġe, ofrálaḋ firionnaċ gán ċáide: ofrálaḋ sé, é da ṫoil áontaġaíḋ féin ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA.
Ar ċor go ttiuḃraidís clann Israel a níoḋbarṫa, noċ ofráilfid ar an maċaire a muiġ, eaḋon go dtuḃradís iad don TIĠEARNA, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, ċum an tsagairt, agus go nofráilfid mar ofráluiḃ síoṫa don TIĠEARNA íad.
Do ṁarḃ mar an gcéadna an ḃulóg agus an reiṫe, mar íoḋbuirt ofrála síoḋa, noċ do ḃí ar son an ṗobail: agus tugadar mic Aáron a nfuil ċuige, (noċ do ċroiṫ se ar a naltóir fá gcuáirt.)
Bulóg agus reiṫe mar an gcéadna mar ofráil ṡioḋa, díoḋbuirt a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA; agus ofráil ḃíḋcumaiscṫe le hola: oir foillséoċaiḋ an TIĠEARNA é féin a niuġ ḋáoiḃ.
¶ Aċt go maḋ malluiġ ḃías an mealltóir, agá ḃfuil firionaċ iona ṫréud, agus ṁóideas, agus íoḋbras don TIĠEARNA ní truáilliġṫe: óir is Ríġ mór misi, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus is báoġlaċ mainm a measc na ngeinteaḋ.
Agus má otralṫaói an ní dall mar íoḋbairt, a né naċ olc sin? agus má ofralṫáoi ní bacaċ no easlán, a né naċ olc sin? ofrál a nois é dot uáċtarán; an mbiáiḋ sé réiḋ riot, nó an nglacfa sé do ṗearsa? a deir TIĠEARNA na slóġ.
Agus ofralfuiḋ sé a ofraíl don TIĠEARNA, eaḋon éan úan firionn don ċéad ḃliaḋuin gan toiḃéim ar son ofrála loiscṫe, agus én úan bainionn don ċead ḃliaḋuin gan toiḃéim arson ofrála peacaiḋ, agus éainreiṫe gan toiḃeím air son ofrala síoḋa,
Agus ar son ofrála ioḋbarṫa na síoḋa, ḋá ḋaṁ, cúig reiṫe, cúig gaḃair ḟiriona, cúig uain don ċéad ḃliaḋuin: is iád so bá hofráil do Nason ṁac Amminadab.
Agus íoḋboruiḋ tú hofráil loisge, an nfeóil agus an nfuil, ar altóir an TIĠEARNA do Ḋía: agus dóirtfiġear fuil hioḋbarṫa amaċ ar altóir an TIĠEARNA do Ḋía, agus iosa tú an nfeóil.
Druideam air ar naġaiḋ maille ré croíḋe fírinneaċ sáirḋeiṁneaċ a gcreideaṁ, ar mbeiṫ dár gcroíḋiḃ ar na ccróṫaḋ ó ḋroċċoinnsías, agus ar mbeiṫ dár gcorp ionnailte ré huisge glan.
A ní do ċonncamar agus do ċúalamar atámáoid ḋá ḟoillsiuġaḋ ḋiḃse, ionnus go mbíaḋ cumann aguiḃse mar an gcéudna rinne: agus ar gcumainne fós ris a Naṫair, agus ré na Ṁac Iósa Críosd.
¶ Ann sin do ċuadar clann Israel uile, agus an pobal uile, súas, agus tangadar go tiġ Dé, agus do ġuileadar, agus do ṡuiġeadar annsin as coinne an TIĠEARNA, agus do ṫroisgeadar an lá sin go tráṫnona, agus dofráladar íoḋbairt loisge agus ofrala síoṫċána a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA.