¶ Agus a duḃairt Iehoas ris na sag airtaiḃ, Gaċ uile airgiod do na neiṫiḃ tioḋlaicṫe ḃeirṫear go tiġ an TIĠEARNA, eaḋon airgiod gaċ duine dá ndéan a ċuntas, an tairgiod meastar do ḋuine fa leiṫ, agus gaċ uile airgiod dá ttiucfa a ccroiḋe ḋuine do ṫaḃairt go tiġ an TIĠEARNA,
Is é so do ḃéuruid, gaċ éan da raċaiḋ ṫort na measc atá áirṁiṫe, leiṫṡecel do reír na sanctóra: (secel is é sin fiṫċe gérah:) agus leiṫṡecel ofráil an TIĠEARNA.
An ṁéid óir do caiṫeaḋ uile leis a nobair le uile obair na háite naoṁṫa, eaḋon ór na hofrála, ba fiṫċe agus naói ttalanna, agus seaċt ccéad agus tríoċad secel, do reir ṡecel na sanctóra.
¶ Agus a nuáir naóṁṫoċus duine a ṫiġ da ḃeiṫ náoṁṫa don TIĠEARNA, ann sin measfuiḋ an sagart é, an maiṫ nó an saiṫ é: mar ṁeasfus an sagart é, is mar sin ḃías seasṁaċ.
Ma ní anum coír, agus go bpeacóċuiḋ sé tré ainḃfios, a neiṫíḃ náoṁta an TIĠEARNA; annsin do ḃéura sé ċum an TIĠEARNA ar son a ṡáruiġṫe, reiṫe gan ċáiḋe as na tréuduiḃ, réir do ṁeassa lé seceluiḃ airgid do réir ṡecel na sanctóra, mar ofráil ṡáruiġṫe:
Agus an ṁéid ḃías ré a ḃfúasclaḋ ó ṁí dáois fuáisceola tú íad, do réir do ṁeasta féin, ar airgiod ċúig secel, do réir secel na sancṫóra, noċ is fiṫċe gerah.