Agus do ḃeannuiġ Día íad, agus a duḃairt Día ríu, Bíoḋ siḃ tórrṫaċ, agus méuduiġiḋ, agus líonaiḋ an talaṁ, agus cuiriḋ fúiḃ é: agus bíoḋ tiġearnus aguiḃ ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaiṫ an aéir, agus ós cionn an uile neiṫe ċorruiġeas ar an ttalaṁ.
Agus ar son Ismael, do ċúala mé ṫú: Féuċ, do ḃeannuiġ mé é, agus do ḋéuna mé síolṁar é, agus oirlíonfad go hiomarcaċ é; ḋá ṗrionnsa ḋéug ġeinfeas sé, agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋe.
A mbeannuġaḋ go mbeannoċad ṫú, agus a méoduġaḋ go méideoċuiḋ mé do ṡíol aṁuil reulta niṁe, agus mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge; agus sealḃoċuid do ṡíol geataiḋe a náṁad.
Agus do ḃéura mé ar do ṡíol foirlíonaḋ mar réulta a naiéir, agus do ḃéura mé dot ṡíol na tíorṫaso uile; agus ann do ṡíol béid uile ċiniḋeaċa na talṁan beannuiġe;
Agus biáiḋ do ṡíol mar ġaineaṁ na talṁan; agus leiṫneaċuiḋ tú amaċ síar agus soir, buḋ ṫuaiḋ agus buḋ ḋeas; agus buḋ ionnad sa, agus ann do ṡíol ḃéid muinntir na talṁan uile beannuiġe.
Agus a duḃairt sé rium, Féuċ, do ḋéana mé tóirṫeaċ ṫú, agus méideóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋéana mé ḋíotiomad dáoine, agud do ḃéura mé an duṫaiḋsi dod ṡíol ad ḋiáiġ mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe.
Agus do ḃí an TIĠEARNA grásaṁuil dóiḃ, agus do ġaḃ truáiġe ḋóiḃ é, agus do ḃí meas aige orra, do ḃríġ a ċunnarṫa ré Abraham, ré Isaac, agus ré Iácob, agus níor ḃáill leis a sgrios uile, ná a tteilgion úaḋ as a laṫair fós.
Annsin do ḟreagair misi íad, agus a duḃairt mé ríu, Cuirfe Día neiṁe, air ar naġaiḋ sinn; uimesin sinne a ṡerḃísiġ éireoċum, agus do ḋéanam obair: aċt ní ḃfuil roinn, nó ceart, nó ċiṁniuġaḋ aguiḃsi ann Ierusalem.
Do ḟoirlíon tú a cclann mar an ccéadna aṁuil réultanna a naiéir, agus ṫug tú don tír íad, a ttaoḃ a ttug tú geallaḋ ḋá naiṫriḃ, go raċaidís a steaċ dá sealḃuġaḋ.
Agus cruinneoċa mé fuiġioll mo ṫréada as gaċ uile ṫír ann ar ḋíbir mé íad, agus do ḃéara mé a rís íad dá máinreaċaiḃ; agus béid síolṁar agus foirlíonfuid síad.
Agus cuirfe mé súas áoḋaireaḋ ós a ccionn noċ ḃeaṫoċus íad: agus ní ḃéid eaglaċ ní sa mó, ní ḃéid anḃfann, agus ní ḃiáiḋ easḃuiġ orra, a deir an TIĠEARNA.
Agus má ṫarcuisniġṫí mo statúidíġ, nó má ḃíonn gráin ag ḃur nanam roiṁ mo ḃreiṫeaṁnus, íonnus naċ ccoiṁlíonfáoi maiṫeanta uile, aċd go mbrisfíḋe mo ċunnraḋ:
Agus do ḋéana an TIĠEARNA saiḋḃir a maóin ṫú, a ttoraḋ do ċuirp, agus a ttoraḋ háirnéisi, agus a ttoraḋ do ṫalaiṁ, an sa dúiṫċe noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ do ṫaḃairt ḋuit.
Agus gráiḋeoċuiġ sé ṫú, agus beinneoċuiḋ sé ṫú, agus méideoċuiḋ sé ṫú: agus beinneoċuiḋ sé mar an gcéadna toraḋ do ḃronn, agus toraḋ ṫfearuinn, harḃar, agus ṫfíon, agus hola, agus ionnláoġas do ḃó, agus tréada do ċáoraċ, ann sa dúṫaiġ noċ do ṁionnuiġ sé dod aiṫriḃ do ṫaḃairt ḋuitsi.
Ní réir an ċonnarṫa do rinne mé ré na naiṫriḃ sa lá ann a rug mé ar láiṁ orrṫa ċum a dtreóruiġṫe as talaṁ na Héigipte; óir níor ḟanadar a mbun mo ċonnarṫa, agus ní raiḃ cás agumsa iónntaḋsan, a deir an Tíġearna.