Agus an tan do ċonncadar clann Ammon gur ṫeiṫeadar na Sírianuiġ, do ṫeiṫeadar feín mar an ccéadna roiṁe Abisai a ḋearḃraṫair, agus do ċúadar a steaċ don ċaṫruiġ. Annsin ṫáinic Ioab go Hierusalem.
Aċt na Iúduiġe uile do ḃí a bproiḃinnsiḃ an ríġ do ċruinniġeadar íad féin a ccionn a ċéile, agus do ṡeasadar ar son a nanma, agus fúaradar ciúnas ó na naiṁdiḃ, agus do ṁarḃadar dá neasccáirdiḃ seaċtṁoġad agus cúig ṁíle, aċt níor leagadar á láṁa air an ccreiċ,
Agus cuirfe mé loige a gcroiḋṫiḃ an ṁeid ḟúicfíġear beó aguiḃ a ccríoċuiḃ a náṁad; agus cuirfe torann an duílleaḃair a tteiṫeaṁ íad; agus teiṫfid, mar do ṫeiṫfidís roiṁe cloiḋeaṁ; agus tuitfid a nuáir naċ bía éanduine ḋá leánṁuin.
Agus do ḃéura misi síoṫċáin ánnsa tír, agus luiḋfiġe síos, agus ní ċuirfe éandunie eagla oruiḃ: agus coiscfiḋ mé droíċḃeaṫaíġ don dúṫaiġ, ní mó raċas an cloiḋeaṁ tré ḃur ḃfearann.
Do ḃéara an TIĠEARNA fa deara do naiṁde noċ éirġeas súas ad aġaiḋ do ḃúalaḋ ad laṫair: tiucfaid amaċ a néintsliġe aṁáin ad aġaiḋ, agus teiṫfid roṁad a seaċd sliġṫiḃ.
Aċ do lean Bárac a ndiáiġ na gcarbad, agus a ndiaiġ an tslóiġ, go Haroset na Ngeinteaḋ: agus do ṫuit slúaġ Ṡisera uile le fáoḃar an cloiḋiṁ; agus níor fágḃaḋ duine ḋioḃ.
Agus do ċruinniġeadar muinntir Israel íad féín a ccionn a ċeile as Naṗtali, agus as Aser, agus as Ṁanasseh uile, agus do leanadar a ndíaiġ na Midianaċ.
Agus do ċuáiḋ Ionatan le dreapaireaċd súas air a laṁuiḃ agus air a ċosuiḃ, agus fear iomċair a airm na ḋiáiġ: agus do ṫuiteadar roiṁe Ionatan; agus do ṁarḃ fear iomċair a airm na ḋiáiġ.