6 Agus do ḃéura misi síoṫċáin ánnsa tír, agus luiḋfiġe síos, agus ní ċuirfe éandunie eagla oruiḃ: agus coiscfiḋ mé droíċḃeaṫaíġ don dúṫaiġ, ní mó raċas an cloiḋeaṁ tré ḃur ḃfearann.
Agus do iompóiġ seision ar a ais, agus dféuċ orra, agus do ṁalluiġ sé íad a nainm an TIĠEARNA. Agus ṫáinig amaċ ḋá ṁaṫġaṁuin ḃainionna as an ccoill, agus do réubadar días agus dá fiṫċiod leanaṁ ḋíoḃ.
Feuċ, béarṫar mac ḋuit, noċ ḃías na ḋuine ṡuáiṁneaċ; agus do ḃéara misi suáiṁneas dó ó na naiṁdiḃ uile ann gaċ aon taoḃ ḋe: óir isé ḃus ainm ḋó Solaṁ, agus do ḃéara mé síoṫċáin agus súaiṁneas Dísrael re na linn.
Agus biáiḋ sliġe ṁór ann sin, agus bealaċ, agus goirfiġear ḋe, Bealaċ na náoṁṫaċda; ní ṡíuḃolnid na neaṁġloin ṫríd; aċt biáiḋ sé na ccoinnesion: an fear siuḃail, agus na hamadáin, ní raċuid a muġa ann.
Ni ḃía críoċ air ḃiseaċ a ríaġluiḋṫe agus a ṡíoṫċana, ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus air a rioġaċd, da hórdúġaḋ agus dá seasaṁ le breiṫeaṁnus agus lé ceart ó so amaċ go bráṫ. Teasġráḋ ṪIĠEARNA na slóġ ċoiṁlíonfas so.
¶ Uimesin ná bíoḋ eagla ortsa, mo ṡeirḃíseaċ Iácob, a deir an TIĠEARNA; agus ná míṁisniġ, ó Israel: óir, féuċ, tárṫoċa misi ṫú a himċéin, agus do ṡlioċd ó ṫír a ndaóirse; agus fillfiḋ Iácob, agus biáiḋ a súaiṁneas, agus a socaṁul, agus ní ċuirfe aóinneaċ eagla air.
¶ Má ḃeirim air ḃeaṫuiġiḃ urċóideaċa dul ṫríd an dúṫaiġ, agus go millfid síad í, iondus go mbía sí na dioṫraṁ, iondus naċ féidir lé haóinneaċ dul ṫríṫe do ḃríġ na mbeaṫaċ:
Oír is marso a deir an Tiġearna DIA; Cá ṁéad ní sa ṁó na sin an tan ċuirfios mé mo ċeiṫre breiṫeaṁnuis niṁneaċa air Ierusalem, an cloiḋeaṁ, an ġorta, an beaṫaċ urċóideaċ, agus an ṗláiġ, do ġearraḋ duine agus beaṫuiġ úaḋa amaċ?
Agus do ḋéana mé cunnraḋ síoṫċána ríu, agus do ḃéara mé air na droiċḃeaṫuiġiḃ cosc as an ttír: agus áitreoḃuid go daingion annsa ḃfásaċ, agus coideoluid annsna coilltiḃ.
Agus do ḃéara crann an ṁaċaire a ṫoraḋ, agus dó ḃéara an talaṁ a ḃiseaċ, agus béid go sáor iona ttalaṁ, agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA, an tan ḃrisfios mé cuiḃriġe a ccuinge, agus ṫáirṫeoċus mé íad as láiṁ na druinge do ḃain a ṡeirḃís féin asta.
Marsin cuirfe mé gorta oruiḃ agus droiċḃeaṫuiġ, agus do ḋéanaid nireasḃaċ ṫú; agus raċfuiḋ pláiġ agus fuil ṫríod, agus do ḃéara misi an cloiḋeaṁ ort. Misi an TIĠEARNA do laḃair é.
Agus annsa ló sin do ḋéana mé cunnraḋ ḋóiḃ ré beaṫaċaiḃ an ṁaċaire, agus ré héunlaiṫ neiṁe, agus ré neiṫiḃ snáiḋeaċ na talṁan: agus brisfe mé an boġa agus an cloiḋeaṁ agus an caṫ as an ttalaṁ amaċ, agus do ḃéara mé orra luiġe síos go suáiṁneaċ.
Cuirfe me mar an gcéadna béaṫaċuiġ allta ḃur measc, noċ ṡladfas siḃ fá ḃur gcloinn, agus ṁuirfeas ḃur náirnéis, agus do ḋéanas tearc a nuiḃir siḃ; agus béiḋ ḃur sliġṫe móra na ḃfásaċ.
Agus dó ḃéura mé cloiḋioṁ oruiḃ, ḋiġeólus cúis mo ċunnarṫa: agus a nuáir ċruinneoċṫáoi a ḃfoċair á ċéile a stiġ ion ḃar gcaiṫreaċaiḃ, cuirfe me an ṗláiġ ḃur measc; agus seaċódṫar a láiṁ na náṁad siḃ.
Aċt suiġfiḋ gaċ uile ḋuine fáoi na ḟíneaṁuin agus fáoi na ċrann fíge féin; agus ní ċuirfe duine ar bioṫ eagla orra: óir isé béul TIĠEARNA na sloġ duḃairt é.
Ní ḋéana íarsma Israel éicceart ar bioṫ, ní mó laiḃeoruid bréaga; ní mó ġeaḃṫar teanga ċealgaċ iona mbéul: óir do ġeaḃuid beaṫa agus luiġfid síos, agus ní ċuirfe duine ar bioṫ eagla orra.
Agus géarrfa mé an carbad ó Eṗraim, agus an teaċ ó Ierusalem, agus gearrfuiġear amaċ boġa an ċaṫa: agus laiḃeoruiḋ se síoṫċain ris na geintiḃ; agus biáiḋ a rioġaċd ó ṁuir go muir, agus ó naḃuin go críoċuiḃ na talṁan.
Fágḃuim síoḋċain aguiḃ, do ḃeirim mó ṡíoḋċáin féin ḋaóiḃ: ní mar do ḃeir an sáoġal, do ḃeirimsi ḋaóiḃ. Ná buaiḋearṫar ḃur ccroiḋe, agus ná bíoḋ eagla air,
Agus ar mbeiṫ Dioruáiḋ ar tí a ṫaḃairt amaċ, sa noiḋċe sin féin do ċodail Peadar eidir ḋís saiġdíuir, ar na ċeangal ré ḋá ṡláḃraḋ: agus do ḃádar an luċd coiṁéuda ag coiṁéud an ṗriosúin ag an dorus.