5 Agus béaruiḋ ḃur mbúalaḋ go ham an nḟínḟoġṁair, agus sinuiġ an nḟinḟoġṁair gus an síolċur: agus iostáoi ḃur narán go maḋ lán, agus áiteoċṫáoi íonḃur nduṫaiġ go daingean.
Agus a duḃairt Maóise, Bíaiḋ an ní marso, a nuáir do ḃeura an TIĠEARNA ḋiḃ tráṫnóna féóil re iṫe, agus ar maidin arán ḃur sáiṫ; do ċionn go gcluin an TIĠEARNA ḃur munḃar noċ do niṫí do ṁunḃar na aġuiḋ: óir cioḋ sinne? ní ar naġuiḋne atáid ḃur munḃar, aċd a naġuiḋ an TIĠEARNA.
Annsin do ḃéara sé fearṫuinn do ṡíl, le a siolċuirfe tú ṫfearann; agus arán do ḃiseaċ na talṁan, agus biáiḋ sé méiṫ agus tóirṫeaċ: annsa lósin inġeiltfiḋ háirnéis a maċairiġiḃ fairsinge.
Agus annsa ló sin do ḋéana mé cunnraḋ ḋóiḃ ré beaṫaċaiḃ an ṁaċaire, agus ré héunlaiṫ neiṁe, agus ré neiṫiḃ snáiḋeaċ na talṁan: agus brisfe mé an boġa agus an cloiḋeaṁ agus an caṫ as an ttalaṁ amaċ, agus do ḃéara mé orra luiġe síos go suáiṁneaċ.
Fós, freagóruiḋ an TIĠEARNA agus déaruiḋ re na ṗobal, Féuċ, cuirfe mé arḃar, agus fíon, agus ola ċugaiḃ, agus beiṫí sáiṫeaċ leis: agus ní ḋéana mé masla ḋíḃ ní sa ṁó a measg na ngeinteaḋ:
Ná bioḋ eagla oruiḃ, siḃsi a ḃeaṫuiġ an ṁaġa: óir atáid inḃeara a nfásuiġ ag fás, óir do ḃeir an crann a ṫoraḋ, do ḃeir an crann fíge agus a nfíneaṁuin a neart.
Féuċ, tiucfuid na laéṫe, a deir an TIĠEARNA, go mbéaruiḋ an toireaṁ air an mbúanuiġe, agus fear ḃrúite na ccáor air an té ċuirios an síol; agus silfid na sléiḃte fíon milis, agus leiġfid na huile ċnoic.
A Iérusaléim, A Iérusaléim, ṁarḃus na fáiḋe, agus ġaḃus do ċloċuiḃ ar an luċd ċuirṫear a ttíonsaiḋ, créd a ṁiónca do buḋ áill leam do ċlann do ċruinníuġaḋ re ċeile, mar ċruinniġeas an ċearc a gearrcuiġ fa na sgiaṫánaiḃ, agus níor ḃáill leaċd!
Bíoḋ nar ḟág sé é féin gan ḟíaḋnuise, ag déunaṁ maiṫeasa, ag taḃairt feaṫanna ḋuinn ó neaṁ, agus seusúir ṫórṫaiġ, ag líonaḋ ar gcroiḋeaḋ do ḃíaḋ agus do ġáirdeaċus.
Fogair don druing atá sáiḃḃir sa tsáoġalsa, gan ḃeiṫ áirdinntinneaċ, ná a muiniġin do ċur a sáiḋḃreas neaṁbuáin, aċd sa Día ḃeó do ḃeir ḋúinne go sáiḋḃir na huile neiṫer ċum a ccaiṫṁe;