40 Má adṁuid siád a neagceart, agus éacceart a naiṫreaḋ, maille ré na sáruġaḋ léur ṡáruiġeadar a maġaiḋsi, agus mar an gcéadna gur ṡiuḃluiġeadar contrárḋa ḋaṁ;
Giḋeaḋ má ċuiṁniġid orra féin annsa tír a mbéarṫar a láiṁ íad, agus ma níd aiṫriġe, agus ma ċuirfid a ngearán ċugadsa a ttír na muinntire rug léo a láiṁ íad, ġa ráḋ, Do ṗeacuiḋeamar, agus do rinneamar éigceart, do rinneamar go holc;
Agus marsin má ḟillid ċugadsa le na nuile croiḋe, agus le na nuile anam, a ttír a náṁad, noċ rug leó a láiṁ íad, agus go nguiḋfid ċugadsa a leiṫ ré na ndúiṫċe féin, noċ ṫug tú dá naiṫriḃ, ris an caṫruiġ do ṫoġ tú, agus ris an tiġ do ṫóg misi dot aínm:
Anois ar a naḋḃarsin déanuiḋ faóisidin don TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ, agus déanuiḋ a ṫoil: agus dealuiġiḋ siḃ féin ré muinntir na tíresi, agus ó na ṁnáiḃ coiṁiġṫeaċa.
O a ṪIĠEARNA Día Israel, atá tú ceart: óir mairmidne fós íar ndul as, mar atá a niuġ: féuċ, a támaoid ad laṫair ann ar gciontuiḃ: óir ni ḟéadmaoid seasaṁ as do ċoinne dá ḃríġ so.
Agus a duḃairt mé, O mo Ḋía, atá náire orum agus do ḋearg mé tré maġuiḋ do ṫógḃáil súas ċugadsa, mo Ḋía: óir dfásadar ar bpeacuiḋ ós ar cceann, agus dfásadar ar ccionta súas go neaṁ.
Féuċ, a ṪIĠEARNA; óir atáimsi a naindeise: atáid minniḋe a mbuáiḋirt; diompoiġ mo ċroiḋe ionnam a stiġ; óir do ċúaiḋ me a neasuṁlaċd go hiomarcaċ: marḃuiḋ an cloiḋeaṁ amuiġ, an bás a stiġ.
Agus coṁḟurtaċtfuid siḃsi, an tan do ċíḋfiḋe a slíġṫe agus a ngníoṁa: agus aiṫeontaói naċ gan aḋḃar do rinne mé a nuile ní dá ndéarnas ann, a deir an Tiġearna DIA.
Ann sin aideoṁuid siad a bpeacaḋ noċ do rinneadar: agus aiseoguiḋ sé a ċoir maille ré na ṗrinnsiopail sin, agus cuirfiḋ na ċionn an cúigeaḋ cuid de, agus do ḃéara don té a ndearna an ċoir na aġaíḋ é.
¶ Agus a duḃairt Iosua re Aċan, Guiḋim ṫú a ṁic, taḃair glóir don TIĠEARNA Día Israel, agus déana adṁáil ris; agus innis dambsa a nois cred do rinne tú; ná ceil orum é.