Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 26:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Annsin do ḃéura mé fearṫuinn ḋiḃ na ham féin, agus do ḃéura an talaṁ a ḃíseaċ, agus do ḃéaruiḋ croinn an ṁaċaire a ttoraḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 26:4
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Elias an Tisbiteaċ, noċ do ḃí dáitreaḃaiḋ Gílead, ré Hahab, Mar ṁairios an TIĠEARNA Día Israel, a laṫair a ṡeasuimse, ní ḃiáiḋ drúċd nó fearṫuinn annsna blíaḋnuiḃsi, aċd do reír mfocuilsi.


Noċ do ḃéir fearṫuinn air an ttalaṁ, agus ċuirios uisgeaḋa air na maċairiġiḃ:


Fliuċuiḋ sé na cnuic ó na ṡeomruiḋiḃ úaċtraċ: ré toraḋ hoibreaċsa do líonaḋ an talaṁ.


Do ḃéaruiḋ an talaṁ a ḃiseaċ; beinneoċaiḋ Día, ar Ndía sinn.


Beinneoċaiḋ Día sinn; agus biáiḋ a eagla air uile ṫéorannuiḃ na talṁan.


Do ṡil tú fearṫuinn ṫioḋlaicṫeaċ a núas, a Ḋé, do ċoṁḋaingniḋ tú hóiġreaċt, an tan do ḃí sí tuirseaċ.


Do ḃéura an TIĠEARNA mar an ccéadna maiṫ; agus do ḃéara ar ḃfearann a ṫoraḋ.


Raċaiḋ ceart ós coinne a aiġṫe; agus cuirfiḋ sinne a sliġe a ċoíscéime.


Annsin do ḃéara sé fearṫuinn do ṡíl, le a siolċuirfe tú ṫfearann; agus arán do ḃiseaċ na talṁan, agus biáiḋ sé méiṫ agus tóirṫeaċ: annsa lósin inġeiltfiḋ háirnéis a maċairiġiḃ fairsinge.


Agus do ḋéana mé fásaċ ḋi: ní ḋeiseoċṫar, agus ní róṁarṫar í; aċt fásfaiḋ a níos drise agus dosáin: agus fós fuáigeora mé do na néulluiḃ go naċ ḃfearfuid fearṫuinn uirre.


An ḃfuil áon a measc dioṁaóinis na ngeinteaḋ do ḃéaraḋ fearṫuinn? nó an ḃféuduid na neaṁa fearṫuinn do ṫaḃairt úaṫa? naċ tusa féin é ar TTIĠEARNA Día? uimesin feiṫfiom ort: óir as tú do rinne na neiṫesi uile.


Agus méideoċa mé toraḋ an ċroinn, agus biseaċ an ṁaċaire, ċor naċ ḃfaġṫaoi ní is mó do ṁasla gorta a measg na ngeinteaḋ.


Ná bioḋ eagla oruiḃ, siḃsi a ḃeaṫuiġ an ṁaġa: óir atáid inḃeara a nfásuiġ ag fás, óir do ḃeir an crann a ṫoraḋ, do ḃeir an crann fíge agus a nfíneaṁuin a neart.


Agus do ḃéura an talaṁ a ṫoraḋ, agus íóstáoise ḃur sáiṫ, agus áiteoċṫáoi ann gan ḟaitċios.


Ansin áiṫeonuiḋ misi dom ḃeannuġaḋ ṫeaċd oruiḃ annsa seiseaḋ blíaḋan, agus do ḃéura toraḋ ṫrí mbliaḋan úaḋ.


Oír biáiḋ an síol soná; do ḃéara an ḟíneaṁuin a toraḋ, agus do ḃéara an talaṁ a ḃiseaċ, agus do ḃearuid na neaṁa a ndrúċt; agus do ḃéara mé air íarsma an ṗobailsi íadso uile do ṡealḃuġaḋ.


Do ċum go mbeiṫ siḃ ḃur gcloinn ag ḃur Naṫair féin atá air neaṁ: óir do ḃeir seisean fa deara go néirġean a ġrían air na droċ ḋaoíniḃ agus air na deaġ ḋaóiniḃ, agus do ní sé fearṫuinn air na firéunaċaiḃ agus air na neiṁḟiréunċuiḃ.


Bíoḋ nar ḟág sé é féin gan ḟíaḋnuise, ag déunaṁ maiṫeasa, ag taḃairt feaṫanna ḋuinn ó neaṁ, agus seusúir ṫórṫaiġ, ag líonaḋ ar gcroiḋeaḋ do ḃíaḋ agus do ġáirdeaċus.


¶ Agus tiucfa a gcríċ, ma éistionn siḃ go dúṫraċdaċ rém aiṫeantuiḃsi noċ aiṫniġim ḋaóiḃ a niuġ, an TIĠEARNA ḃur Ndía do ġráḋuġaḋ, agus seirḃís do ḋéanaṁ ḋó lé ḃur nuile ċroiḋe agus le ḃur nuile anum,


Go ttiuḃra misi ḋáoiḃ fearṫuínn ḃur ttalṁan na ham féin, an ċéud fearṫuinn agus an ḟearṫuinn ḋeiġionaċ, ċor go ccruinneoċá tú a steaċ harḃar, agus ṫfíon, agus hola.


Oisceoluíḋ an TIĠEARNA a ionṁus maiṫ ḋuit, neaṁ do ṫaḃairt fearṫanna dot ḟearann na ham féin, agus do ḃeannuġaḋ uile oibreaċ do láṁ: agus do ḃéara tú áirleagaḋ do ṁórán do ċineaḋaċaiḃ, agus ní iarrfa tú áirleagaḋ.


Uime sin a ḋearḃráiṫre, bíġiḋ foiġideaċ, go teaċd an Tíġearna. Féuċ, bí an treaḃaċ ag fuireaċ re toraḋ mórluáiḋ na talṁan, agus fanuiḋ sé ris maille ré foíġid, nó go ḃfaġann sé fearṫuin na maiden agus an tráṫnóna.


Atá do ċúṁaċduiḃ aca so neaṁ do ḋúnaḋ, ionnas naċ mbíaḋ fearṫuin ann a laeṫiḃ a ḃfáiḋeadóireaċda: agus atá cúṁaċda aca ós na huisgiḋiḃ ar a niompóġ a ḃfuil, agus ar an dtalaṁ do ḃúalaḋ ré gaċ uile ġné ṗláiġe, coṁminic as áill ríu.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ