Agus an tiġso, atá coṁard sin, biáiḋ úaṁan ar gaċ éanduine dá ngeaḃaiḋ láiṁ ris, agus béid ag fiosurnuiġ; agus a déarúid, Cred fá ndéarna an TIĠEARNA so ris a ndúiṫċesi, agus ris án ttiġso?
Agus do ḋéana mé fásaċ ḋi: ní ḋeiseoċṫar, agus ní róṁarṫar í; aċt fásfaiḋ a níos drise agus dosáin: agus fós fuáigeora mé do na néulluiḃ go naċ ḃfearfuid fearṫuinn uirre.
Annsin a dúḃairt misi, a ṪIĠEARNA, ga fad? Agus do ḟreagair seision, Nó go ḃfásuiġṫear na caiṫreaċa gan áitreaḃaċ, agus na tiġṫe gan fear, agus go mbía an talaṁ ṫríd amaċ na ḟásaċ.
Mar atá Ierusalem, agus caiṫreaċa Iúdah, agus a ríġṫesin, agus a prionnsuiḋe, do ḋéanaṁ fásaiġ ḋíoḃ, agus úaṫḃáis, agus magaiḋ, agus malluiġṫe; mar atá a niuġ;
¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Cluinfiġear a rís annsa náitsi, (noċ a dearṫaóise ḃías uáigneaċ gan duine agus gan ḃeaṫaċ, eaḋon a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus a sráidiḃ Ierusalem, atá áonránaċ gan duine, agus gan áitreaḃṫaċ, agus gan ḃeaṫaċ,)
Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Do ċoncaḃair a nuile olc ṫug misi ar Ierusalem, agus ar ċaiṫreaċaiḃ Iúdah uile; agus feuċuiḋ, a niuġ atáid síad na ḃfásaċ, agus ní áitreaḃann duine ar biṫ ionta,
Iondus nar ḟéad an TIĠEARNA iomċar ni buḋ faide, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁsa, agus do ḃríġ na ngráineaṁleaċd do rinneaḃair; uimesin atá ḃur ttír na fásaċ, agus na húaṫḃás, agus na malluġaḋ, gan áitreaḃṫaċ, mar atá a niuġ.
Marsin biáiḋ sé na scannail agus na ṁagaḋ, na ṫeagasc agus na úaṫḃás do na cineaḋaċaiḃ atá ad ṫimċioll fa ccuáirt, a nuáir do ḋéanad breiṫeaṁnus ionnad a ḃfeirg agus a ccuṫaċ, agus a niomaiṫḃioruiḃ fíoċṁara. Misi an TIĠEARNA a duḃairt é.
O mo Ḋía, cláon do ċlúas, agus cluin; oscuil do ṡúile, agus féuċ ar náonránaċt, agus an ċaṫair noċ goirṫear as hainm: óir ní ċuirmidne ar nguiḋe dot laṫair ar son ar nionracuis, aċt ar son do ṁórṫrócaireaḋ féin.
Ann sa ċéidḃlíaḋuin dá rioġaċt ṫuig misi Dániel lé leaḃruiḃ uiḃir na mblíaḋan, do ṫáoḃ a ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Ieremiah an fáiḋ, iondus go ccoiṁlíonaḋ sé seaċtṁoġad blíaḋan a ḃfásuġaḋ Ierusalem.
¶ Má atá naċ bláṫann an crann fíge, agus naċ mó ḃías toraḋ annsa ḃfíneaṁuin; fáilleaċuiḋ sáoṫar crainn na holá, agus ni ṫiuḃruid na maċaireaḋa biaḋ ar bioṫ úaṫa; gearrfuiġear an tréud amaċ ón máinriġ, agus ní ḃiáid ealḃa ar bioṫ annsua stallaḋuiḃ: