Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 26:31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

31 Agus do ḋéana mé ḃur gcaiṫ reaċa na ḃfásáċ, agus do ḃéura mé ḃur sanctóra ċum uáíguis, agus ní ḃoiltneaċa me bolaḋ ḃur mboltanuis ndeaġḃoluiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 26:31
45 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃolṫuiġ an TIĠEARNA deaġḃlaḋ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ann a ċroiḋe, Ní ṁillfiġ mé aris ann talaṁ ar son an duine ó so amaċ; óir as olc smuáineaḋ croiḋe an duine ón óige: ní mó ḃuáilfeas mé a rís ni is mó, a nuile ní béo mar do rinne mé.


Do ḃriġ go raiḃ do ċroiḋe máoṫ, agus gur uṁluiġ tú ṫú féin a laṫair an TIĠEARNA, a nuáir do ċúala tú cred do laḃair misi a naġaiḋ na háitesi, agus a naġáiḋ a haitreaḃaċ, go mbéidis na ḃfásaċ agus na mallaċduin, agus gur réub tú héadaċ, agus gur ġuil tú am ḟíaḋnuise; do ċúala misi mar an gcéadna ṫú, a deir an TIĠEARNA.


Agus do loisgeadar tiġ Dé, agus do ḃriseadar síos ballaḋa Ierusalem, agus do loisgeadar a ṗaláis uile lé teine, agus do ṁilleadar a ráiḃ do ṡoiṫiġiḃ maiṫe ann.


Agus a duḃradar riom, An fuiġioll do fágḃaḋ do na braiġdiḃ anusin ansa bproḃins atáid a mbuáiḋreaḋ ṁór agus a míoċlú: do briseaḋ sios ballaḋa Ierusalem mar an gcéadna, agus do loisgeaḋ a geataḋ le teine.


¶ Ann sin a duḃairt mé ríu, Do ċiṫí a naindesi iona ḃfuilmíd, mar atá Ierusalem na fásaċ, agus a geataḋa loisge re teine: tigiḋ, cuiriom súas balla Ierusalem, go naċ bíam níos mó fá ṁíoṁoḋ.


Agus a duḃairt mé ris an ríġ, Go mairiḋ an ríġ go bráṫ: cred as naċ bíaḋ mo ġnúis duḃaċ, a nuáir go ḃfuil an ċaṫair, áit aḋlaicṫe maiṫreaḋ, fásḟoluṁ, agus a geataḋa loisge le teine?


Atá ḃur ndúṫaiġ aonránaċ, atáid ḃur gcaiṫreaċa ar na losgaḋ le teine: millid coiṁṫiġṫiḋ ḃur ḃfearann, ionḃur laṫair, agus atá sé na ḟásaċ ar na ċláoiḋ lé coiṁiġṫeaċaiḃ.


Annsin a dúḃairt misi, a ṪIĠEARNA, ga fad? Agus do ḟreagair seision, Nó go ḃfásuiġṫear na caiṫreaċa gan áitreaḃaċ, agus na tiġṫe gan fear, agus go mbía an talaṁ ṫríd amaċ na ḟásaċ.


Nior ṡealḃuiḋ pobal do náoṁṫaċda é aċd re beagan aimsire: do ṡaltradar ar neasccáirde do ṡanctóra fáoi na ccosuiḃ.


¶ Ná bíoḋ fearg ro ḋoiliġ ort, a ṪIĠEARNA, agus ná cuiṁniġ peacaḋ go síoṫ húan: féuċ, aṁairc, íarrmaoid dáṫċuinge ort, is sinn uile do ṗobal.


Atá an té ṁarḃus daṁ aṁuil do ṁuirfeaḋ duine; an té ofrálas luḃán, aṁuil agus do ġearrfaḋ muinéal madraiḋ; an té íoḋbras tioḋlacaḋ, aṁuil do ṫairgfeaḋ fuil ṁuice; an té loisgeas túis, aṁuil do ḃeinneoċaḋ sé ioḋal. A seaḋ, do ṫoġadar so a sliġṫe féin, agus dúiliġid a nanmanna iona naḋḟúaṫṁaireaċtuiḃ.


Aċt muna néistiḋe na bríaṫraso, mionnuiġim ṫríom fein, a deir an TIĠEARNA, go mbíaiḋ an tiġse na ḟásaċ.


Annsin do ḋéana misi an tiġse cosṁuil ré Síloh, agus do ḋéana mé an ċaṫairsi na malluġaḋ do uile ċineaḋaċuiḃ na talṁan.


Cred fár ṫairrġir tú a nainm an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Biáiḋ an tiġso cosṁuil re Síloh, agus biáiḋ an ċaṫairsi uáigneaċ gan áitreaḃṫaċ? Agus dó ċruinniġ an pobal uile a naġaiḋ Ieremiah a ttiġ an TIĠEARNA.


Daṁarc mé, agus, féuċ, do ḃí a náit tóirṫeaċ na fásaċ, agus a caiṫreaċa uile ar na mbriseaḋ síos lé gnúis an TIĠEARNA, agus ó na ḟeirg ḟíoċṁair.


Oír is marso a duḃairt an TIĠEARNA, Biáiḋ an tír go huiliḋ áonranaċ; giḋeaḋ ní ḋéana mé críoċnuġaḋ iomlán.


Ṫáinic an leoṁan a níos as a ḋoire, agus atá sgriostóir na ccineaḋaċ ar a ṡliġe; dimṫiġ sé ó na ionad ċum ṫfearan do ḋeanaṁ úaigneaċ; agus leagfuiḋear do ċaiṫreaċa na ḃfásáċ, gan áitreaḃaċ.


Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Do ċoncaḃair a nuile olc ṫug misi ar Ierusalem, agus ar ċaiṫreaċaiḃ Iúdah uile; agus feuċuiḋ, a niuġ atáid síad na ḃfásaċ, agus ní áitreaḃann duine ar biṫ ionta,


Uimesin do dóirteaḋ amaċ mo ainteas agus mfearg, agus do lasaḋ í a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus a sráidiḃ Ierusalem; agus atáid na ḃfásaċ agus uáigneaċ, do réir an láe a niuġ.


Agus do loisg sé tiġ an TIĠEARNA, agus tiġ an ríġ; agus uile ṫiġṫe Ierusalem, agus tiġṫe na ndaóine móra uile, loisg sé lé teine:


Agus do ḋéana mé Ierusalem na cárnuiḃ, agus na húaṁuiġ ḋragún; agus do ḋéana mé caiṫreaċa Iúdah uáigneaċ, gan áitreaḃṫaċ.


Ciondus ṡuiġios an ċaṫair go huáigneaċ, do ḃí lán do ḋaóiniḃ! ciondus atá sí cosṁuil re baintreaḃuiġ! ise noċ do ḃí mór a measc na ccineaḋaċ, agus na bainṗrionnsa a measc na bproḃinuseaḋ, ciondus ṫainic sí fa ḋuiḃċíos!


Do leaṫnuiġ an náṁaid a láṁ amaċ ar a huile neiṫiḃ sólasaċa: óir do ċonnairc sí go ndeaċadar na geinte a steaċ dá sanctóra, noċ dar aiṫin tú naċ ttiucfaidis a steaċ ann do ċoṁċruinniuġaḋ.


Agus rug sé as go hégiontaċ a ṫiġ, mar do ḃíaṫ aṁuil gáirdín: do sgrios sé aíte a ċoṁṫionnail: ṫug an TIĠEARNA fa deara na féustuign sollamonta agus an tsaóire do ḋearmad a Sion, agus do ṫarcuisniġ sé a tteas a ḟeirge an sagart agus an ríġ.


Do ṫeilg an TIĠEARNA seaċad a altóir, agus dfúaṫaiġ sé a ṡanctóir; do ṡeaċaid sé súas a láiṁ na náṁad ballaḋa a ṗáláis; do rinneadar gáir a ttiġ an TIĠEARNA, aṁuil a ló féusta sollamonta.


Agus fúicfiġear folaṁ na caiṫreaċa atá áitreaḃṫa, agus biáiḋ an fearann fásuiġṫe; agus biáiḋ a ḟios aguiḃ gur misi an TIĠEARNA.


Do ṡuiġiḋ mé bairrḋeis an ċloiḋiṁ a naġaiḋ a ngeataḋ uile, ċor go meirtneoċaḋ a ccroiḋe, agus go méideoċṫar a naiḋṁillte: uċ! do rinneaḋ loinnreaċ é, do filleaḋ súas ċum a náir é.


Agus biáiḋ ann, a nuáir a déaruid síad riot, Cred as a nuċḃaḋann tú? go ḃfreagora tú, Ar son na scéul; do ḃríġ go ttig sé: agus leiġfiḋ a nuile ċroiḋe, agus biáid na huile láṁa lag, agus anḃfainneoċuiḋ gaċ uile spiorad, agus biáid na huile ġlúine lag aṁuil uisge: féuċ, atá sé ag teaċt, agus do ḃéarṫar a ccríċ é á deir an Tiġearna DIA.


Laḃair re tiġ Israel, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, truáilleoċa misi mo ṡanctóir, oirḋearcus ḃur neirtesi, fonn ḃur súl, agus an ní is trúaġ lé ḃur ccroiḋe; agus ḃur mic agus ḃur ninġeana noċ do ḟágaḃair tuitfid leis an ccloiḋeaṁ.


Ann ḃur nuile áitíḃ coṁnuiḋe do ḋéantar na caiṫreaċa na ḃfásaċ, agus béid na háite árda uáigneaċ; iondus go mbéid ḃur naltóraċa na ḃfásaċ agus uáigneaċ, agus go mbrisfiġear ḃur nioḋail agus go scuirfid, agus go ngearrfuiġear síos ḃur níoṁáiġṫe, agus go ccuirfiġear ar ccúl ḃur noibreaċa.


Marḃuiḋ ṫríd amaċ sean agus óg, ídir ċailíniġ, agus leanba óga, agus ṁnáiḃ: aċt ná tigiḋ a ḃfogus dáonduine ar a mbía an coṁarṫa; agus tosuiġiḋ ag mo ṡanctóirse. Annsin do ṫosuiġeadar ris na daóiniḃ seana noċ do ḃí as coinne an tiġe.


¶ Annsin do ṫuit an ríġ Nebuċadnessar air a aġaiḃ, agus duṁluiġ sé do Ḋániel, agus daiṫin sé go nofralaidís íoḋbairt, agus bolaḋ cuṁra dó.


Agus béid áite árda Isaac uáigneaċ, agus leagfúiġear sanctuareaḋ Israel na ḃfásaċ; agus éireoċuiḋ mé a naġaiḋ ṫiġe Ieroboam leis an ccloiḋeaṁ.


Uimesin treaḃoċṫar Sion ar ḃur sonsa aṁuil maċaire, agus biáiḋ Ierusalem na cárnuiḃ, agus slíaḃ an tiġe mar áitiḃ árda na foraóise.


Do ġeárr mé amaċ ná cineaḋaċa: atáid a ttuir uaigneaċ; do rinne mé a sráide na ḃfasaċ, iondus naċ gaḃann dume ar bioṫ ionta: iondus naċ ḃfuil áitreaḃṫaċ ar bioṫ.


Agus tuitfid lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus béarṫar a mbraiġdeanas íad ċum na nuile ċiniḋeaċ: agus ḃíaḋ Iarúsalém ar na saltairt fáoi a Cineaḋaċaiḃ, nó go gcoiṁlíontar aimsearaċa na Geiniḋeaċ.


Oír do ċúalamar é ag ráḋ, Go sgriosfaiḋ Iósa Násarrḋaso a naitse, agus go niompoċaiḋ sé na hórduiġṫe tug Máoise ḋúinne.


Oír dá bpeacuiġeam dantoisg tar éis éolais na fírinne do ġaḃáil ċuguinn, ní ḟagṫar íoḋbairt aguinn ní sa ṁó ar son na bpeacaḋ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ