Aċt má ḟilltiġe ċugam, agus maiṫeanta do ċoiṁéad, agus a ndéanaṁ: dá mbeaḋ go tteilgfiḋe amaċ cuid aguiḃ gus an ccuid is sía uáiḃ do neaṁ, giḋeaḋ do ḃéara misi as sin íad, agus crumneoċa mé íad don náit do ṫoġ mé do ċur manma ann.
Annsin do ḃéara sé fearṫuinn do ṡíl, le a siolċuirfe tú ṫfearann; agus arán do ḃiseaċ na talṁan, agus biáiḋ sé méiṫ agus tóirṫeaċ: annsa lósin inġeiltfiḋ háirnéis a maċairiġiḃ fairsinge.
Noċ daiṫin mé da ḃur naiṫriḃ ann sa ló a ttug mé amaċ íad as críċ na Hégipte, ó nfuirnís íaruinn, ġa ráḋ, Uṁluiġiḋ dom ġlór, agus déanuiḋ íad, do réir a nuile ní aiṫeonas mé ḋíḃ: marsin buḋ siḃsi mo ṗobalsa, agus buḋ misi ḃur Ndíasa:
Oír biáiḋ an síol soná; do ḃéara an ḟíneaṁuin a toraḋ, agus do ḃéara an talaṁ a ḃiseaċ, agus do ḃearuid na neaṁa a ndrúċt; agus do ḃéara mé air íarsma an ṗobailsi íadso uile do ṡealḃuġaḋ.
Tugaiḋ an deaċṁaḋ uile go tiġ a nionnṁuis, le mbí biáḋ ann mo ṫiġse, agus dearḃuiḋ a nois le so mé, a deir TIĠEARNA na slóġ, muna noscla mé fuinneóga neiṁe ḋíḃ, agus beannuġaḋ do ḋórtuġaḋ ċugaiḃ amaċ, iondus naċ bía áit go lór.
¶ Unne sin tiucfa a ccríċ, má eistionn siḃ leis na breiṫeaṁnusuiḃ, agus a ccoiṁéad, agus a ndéanaṁ, go gcoiṁéadfuiḋ an TIĠEARNA do Ḋía ḋuitse an cunnraḋ agus an trócaire do ṁionnuiġ sé dod aiṫriḃ: