26 Agus a nuáir ḃrisfeas mé bata ḃur naráin, bruiṫfiḋ deiṫneaṁar ban ḃur narán a néanḃácus aṁáin, agus do ḃéaruid ḃur narán díḃsi ar na ṫoṁas: agus íostáoi agus ní ḃeiṫí sáṫaċ.
Agus do ḃí gorta ṁór a Samária: agus, féuċ, do ḃádar na bun, nó go reacṫáoi ceann asuil ar ċeiṫre fiṫċíd píosa airgid, agus an ceaṫraṁaḋ cuid do sbrogaille coluim gun a ṡalċar ar ċúig ṗíosa airgid.
Oir, féuċ, beiriḋ an Tiġearna, TIĠEARNA na slóġ, ó Ierusalem agus ó Iúdah, an fulang agus an bata, coṫuġaḋ iomlán a naráin, agus coṫuġaḋ iomlán a nuisge.
A núair ṫroiscfid síad, ní éistfiḋ misi a ccoṁairc, agus a nuáir ṫáirgfid ofráil loisge agus íoḋbairt, ní ġéaḃa mé íad: aċt muirfiḋ mé leis an ccloiḋeaṁ íad, agus leis an ngorta, agus leis an bpláiġ.
A ṁic an duine, an tan ṗeacoċas an dúṫaiġ am aġaiḋsi le ciontuġaḋ go hanṁór, annsin sínfiḋ mé mo láṁ amaċ air, agus brisfiḋ mé maide a naráin, agus cuirfiḋ mé gorta air, agus gearrfa mé amaċ an duine agus an beaṫaċ úaḋa:
¶ Tuilleaṁ oile a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, féuċ, brisfiḋ mé maide a naráin ann Ierusalem: agus íosuiḋ síad arán lé toṁas, agus lé cúram; agus ioḃuid uisge lé miosur, agus lé huaṫḃás.
A nuáir ċuirfeas mé orra droċṡoiġde na gorta, noċ ḃías na sgrios, noċ ċuirfios mé dá ḃur milleaḋ: agus méideoċa mé an ġorta oruiḃ, agus brisfe mé ḃur maide aráin:
Oír íosuid síad, agus ní ḃiáiḋ go lór aca: do ḋéanuid stríopaċuis, agus ní ḟoirlíonfuid síad: do ḃríġ gur léigeadar ḋíoḃ aire do ḃeiṫ aca ar an TIĠEARNA.
Iosuiḋ tú, aċt ní ḃiáiḋ tú sáiṫeaċ; agus biáiḋ do ṫeilgion síos ann do lár; agus ḃéaruiḋ tú greim, aċt ní ṡáorfa tú; agus do ḃéara misi an ní ṡáorfas tú don ċloiḋeaṁ.
Do ċuireaḃair mórán, agus is beag ḃearṫaoi a steaċ; iṫí, aċd ní ḃfuil go lór aguiḃ; iḃṫi, aċt ní ḃfuiltí líonta do ḋiġ; éaduiġṫí, aċt ní ḃfuil áonduine aguiḃ seasgair; agus an té ṫuillios túarustal tuilliġ sé túarastal dá ċur a mála ḃrisde.