Muna ḃfoirgníġe an TIĠEARNA an tiġ, is díoṁaóin oibriġid an luċt ḟoirgniġios é: muna ccuṁduiġe an TIĠEARNA an ċaṫair, is go díoṁaóin do ní an fear coiṁéada faire.
Do ḃríġ gur ḋearmuid tú Día do ṡlánuiġṫe, agus naċ raiḃ tú cuiṁneaċair ċarraic do neirt, uímesin plainndeoċa tú planndaḋa taitneaṁaċa, agus cuirfiḋ tú íad lé géagaiḃ coiṁṫiġeaċa:
Annsa ló sin do ḃéara tú air do ṗlánnda fás, agus air maidin do ḃéara tú air do ṡíol eascar: aċt biáiḋ an foġṁar na ċrúaiċ a ló an doilġis agus an dóḃróin ḋiḃḟeirgiḋ.
Annsin a dúḃairt mé, Fuáir mésáoṫar díoṁaóin, do ċaiṫ mé mo neart gan aḋḃar, agus go díoṁaoin: aċd ċeana atá mo ḃreiṫeaṁnus ag an TTIĠEARNA, agus mobair ag mo Ḋía.
Do ṡíolċuireadar cruiṫneaċd, aċd beanfuid síad dosáin: do ċuireadar íad féin ċum sáoṫair, aċ ní ṫairḃeoċuid síad; agus biáiḋ náire orra do ḃríġ ḃur ccíosa ar son féirge ḟíoċṁuire an TIĠEARNA.
O do ḃádar na láeṫesin, an tan ṫáinic áon go cárn ḟíṫċiod miosúr, ní raiḃ aċt deiċ miosúir ann: a nuáir ṫáinic áon gus a númar brúiġte a nfíona do ṫarruing ċáogad soiġṫeaċ amaċ ón númar, ní raiḃ ann aċd fiṫċe soiṫeaċ.
Agus ann sin go lasfaḋ fearg ḃar TTIĠEARNA Día ḃur naġuiḋ, agus go ndúinfeaḋ súas neaṁ, ionnus naċ mbíaḋ fearṫuin ar biṫ ann, agus naċ ttiuḃraḋ an taluṁ a ṫoraḋ; agus deagla go nimeoċaḋ siḃ seaċad go hobann ón ttaluṁ ṁaiṫ noċ do ḃeir an TIĠEARNA ḋáoiḃ.