Oír cuirfe mé a nois mo ṗláġa uile ar do ċroiḋe, agus ar do ṡerḃíseaċuiḃ, agus ar do ṁuinntir; ċor go mbia a ḟios agad naċ ḃfuil mo leiṫeid eile san doṁan.
Uimesin atá fearg an TIĠEARNA ar naġnaḋ a naġaiḋ a ṗobail, agus do ṡín sé a láṁ amaċ na naġaiḋ, agus do ḃuail sé íad: agus do ċrioṫnuiġeadar na cnuic, agus do ḃí a cconabluiḋe réubṫa annsna sráidiḃ. Ar a ṡon so uile níor iompoiġ sé a ḟearg ḋíoḃ, aċt atá a láṁ sínte amaċ a ccoṁnuiḋe.
¶ Annsin do ḃí Nebuċadnessar lán do ċúṫaċ, agus daṫruiġ dealḃ a aiġṫe a naġuiḋ Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego: uimesin do laḃair sé, agus do aiṫin sé a nfuirnis do ṫéaġaḋ seaċdnuáire ní is mó ná mar cleaċdaoi a téaġaḋ.
Na daóine do ḃí lán do ċuireadar íad féin amaċ ar arán; agus na daóine do ḃí ocraċ do ṡocruiġeadar: ionnus go rug an naimrid móirṡeisear; agus an té agá raiḃ mórán cloinne go ḃfuil sí ar ndul a laige.