Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 26:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus síuḃoluiḋ me ḃur measc, agus beiḋ me am Ḋía aguiḃ, agus beiṫíse ḃur bpobal agamsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 26:12
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus daingneoċuiḋ mé mo ċunnraḋ eadrum féin agus tú agus eadrum féin agus do ṡíol ad ḋiaiġ ann a ngeinealaċuiḃsin mar ċunnrad siorruiḋe, do ḃeiṫ am Ḋía ḋuitse, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ.


Agus do ḃéura mé ḋuitsi, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ an fearann ann a ḃfuil tu ar cuairt, tir Ċanaáin, uile, mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe; agus biaiḋ mé mar Ḋía aca.


Agus do ċúaladar guṫ an TIĠEARNA Dé ag spaisdeóireaċd ann sa ngáirdín a ḃfuarḋaċd an láoi: agus dfoluiġ Aḋaṁ agus a ḃean íad féin ó ḟiaḋnuisi an TIĠEARNA Dé a measg ċrann an ġáirdín.


Agus do ṡiuḃail Enoċ le Día tar éis ġeineaṁna Ṁatuselah tri ċéud blíaġan, agus do ġein mic agus inġeana:


Agus do ṡiuḃail Enoċ ré Día: agus ní raiḃ sé; óir rug Día leis é.


A síad so geinealuiġ Naói: do ḃí Naói na ḋuine ḟiréunta agus iomlan ann a ġinealaċaiḃ, agus do ṡiuḃail Naói lé Dia.


Ann sna huile áitiḃ ar ṡiuḃail mé lé cloinn Israel uile nar laḃair mé éanḟocal ré héintreiḃ Disrael, noċ dar aiṫin mé mo ṗobal Israel do ḃeaṫuġaḋ, ġa ráḋ, Cred fá naċ ccurṫaoi tiġ cedair súas daṁsa?


Cluiniḋ, ó mo ḋaóine, agus laiḃeorad; ó a Israel, agus do ḋéan fiaḋnuise ḋuitsi: is misi Día, do Ḋíasa.


Agus do ḋéana mé coṁnuiġe a measg ċloinne Israel, agus béud am Ḋía aca.


Agus aiṫeonuid síad gur mé an TIĠEARNA a Ndía, noċ ṫug a maċ íad as críċ na Hégipte, ionnus go gcoiṁneoċuinn na measg: is misi an TIĠEARNA a Ndía.


A duḃairt sé ós a ċionn sin fós, Is misi Día haṫar, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob. Agus do ḟoluiġ Máoisi a aġuiḋ; óir dob eagal leis féacuin ar Ḋía.


Agus glacfa mé ċugam siḃsi mar ṗobal, agus biáiḋ misi mar Ḋía aguiḃsi: agus áiṫeóntaoi gur mé an TIĠEARNA ḃur Ndía, noċ ḃéurus amaċ siḃ ó ḃeiṫ fá úaluiġiḃ na Négipteaċ.


Féuċ, is Día mo ṡlánaiġṫeóir; bím doṫċusaċ ann, agus ní ḃía eagla orum: óir isé an TIĠEARNA IEHOḂAH mo neart agus mó ċaintic; sé fós mo ṡlánuġaḋ é.


¶ Ná bíoḋ eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigḃríġeaċ: óir is misi do Ḋía: neirteoċuiḋ mé ṫú: fós, cuideoċa mé leaċd; fós, cuinneoċa mé súas ṫú le láiṁ ḋeis mo ċeirt.


Noċ daiṫin mé da ḃur naiṫriḃ ann sa ló a ttug mé amaċ íad as críċ na Hégipte, ó nfuirnís íaruinn, ġa ráḋ, Uṁluiġiḋ dom ġlór, agus déanuiḋ íad, do réir a nuile ní aiṫeonas mé ḋíḃ: marsin buḋ siḃsi mo ṗobalsa, agus buḋ misi ḃur Ndíasa:


Agus buḋ siḃsi mo ṗobalsa, agus buḋ misi ḃur Ndíasa.


Aċt buḋ é so an cunnraḋ ḋéanas mé ré tiġ Israel; Tar éis na laeṫéaḋsin, a deir an TIĠEARNA, cuirfiḋ mé mo ḋliġeaḋ annsa ċuid a stiġ ḋíoḃ, agus scrioḃṫa mé iona ccroiḋe é; agus biáiḋ mé am Ḋía aca, agus béidsion na bpobal agamsa.


Agus béid síad na bpobal agamsa, agus biáiḋ misi am Ḋía acasan:


Aċt daiṫin mé an ní so ḋíoḃ, ḋá ráḋ, Uṁluiġiḋ dom ġlór, agus buḋ misi ḃur Ndía, agus beiṫíse ḃur bpobal agamsa: agus siuḃluiġiḋ annsna huile ṡliġṫiḃ dar aiṫin mé, ċor go mbeiṫear go maiṫ aguiḃ.


Ċor go siuḃoluid síad ann mo reaċtaiḃ, agus go ccoiṁéadfuid mórduiġṫe, agus go ndéanuid íad: agus béid na bpobal agamsa, agus buḋ misi a Ndíasan.


Aṁuil an tréad náoṁṫa, aṁuil tréud Ierusalem iona féustuiḃ sollamonta; marsin líonfuiġear na caiṫreaċa fásuiġ lé tréaduiḃ daóine: agus biáiḋ a ḟios aca gur misi an TIĠEARNA.


Agus aiṫeontaói go ḃfuilimsi a lár Israel, agus gur misi an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus naċ áon ar bioṫ oile: agus ní náireoċṫar mo ṗobalsa ċoiḋċe.


Agus do ḃéara mé an treas cuid ṫríd an tteine, agus aṫġlanfa mé íad mar aṫġlantar an tairgiod, agus dearḃoċa mé íad mar ḋearḃṫar an tór: goirfid siad ar mainm, agus éistfiḋ mé riú: déara mé, Is íadsa mo ṗobal; a déaruid síadsan, Isé an TIĠEARNA mo Ḋía.


An fearḋa agus an bannda aráon cuirfíḋe amaċ, táoiḃ amuiġ don ċampa ċuirfiḋe iad; ċum naċ ttruaillfid siad a ḃfoslungṗuirt, noċ a ccóṁnuiġimsi na meaḋon.


Is misi Día Abraham, agus Día Isáac, agus Día Iácob? ni hé Día Dia na marḃ, aċd na mbéo.


Nó créd é an ceangal do ḃíaḋ ag teampoll Dé agus ag ioḋaluiḃ ré ċéile? óir is siḃse teampoll Dé ḃí; do réir mar a duḃairt Día, Biáiḋ mé um ċóṁnuiḋe ionnta, agus siuḃólad na measg; agus biáiḋ me um Ḋía aca, agus béid síadsan na bpobal agamsa.


Oír siuḃluiġ do ṪIĠEARNA Día a lár do ċampa, dot ċuṁdaċsa, agus do ṫaḃairt do náṁad súas ad ḟíaġnuisi; ar a naḋḃarsin biáiḋ do ċampa náoṁṫa: go naċ ḃfaiciḋ sesion éainni salaċ ionnad, agus go ḃfillfeaḋ sé uáit:


¶ Ní ṫiuḃra tú ḋa ṁaiġistir an seirḃiseaċ noċ ṫainic ó na ṁaiġistir ċugad:


Aċd a nois atá a ndúil a ndúiṫċe as féarr, eaḋon, sa dúiṫċe neaṁġa: úime sin ní nár lé Día ḋá dtáoḃsan, a Ndía do ġairm ḋe: oír do ullṁuiġ sé caṫair ḋóiḃ.


Sgrioḃ ċum aingil eagluise Eṗesuis; Ag so na neiṫe a deir an tí ċomgṁas na seaċd réulta na láiṁ ḋeis, noċ ṡiúḃlas a meaḋón na seaċd gcoinnleóir órrġa;


An tí ḃeireas buáiḋ buḋ hoiġre é ar an huile neiṫiḃ; agus biáiḋ mise um Ḋía aige, agus biáiḋ seision na ṁac agumsa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ