Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 26:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus suiḋeoċa mé mo ṫabernacuil ḃur measc; agus ní ḃíaiḋ gráin ag manam oruiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 26:11
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ann sna huile áitiḃ ar ṡiuḃail mé lé cloinn Israel uile nar laḃair mé éanḟocal ré héintreiḃ Disrael, noċ dar aiṫin mé mo ṗobal Israel do ḃeaṫuġaḋ, ġa ráḋ, Cred fá naċ ccurṫaoi tiġ cedair súas daṁsa?


Agus biaiḋ mé am ċoṁnuiḋe a measg ċloinne Israel, agus ní ṫréigfe mé mo ṗobal Israel.


Do rinne misi go deiṁin tiġ ḋuit do ḋéanaṁ coṁnuiġe ann, áit ċinnte ḋuitsi dfanaṁuinn ann go braṫ.


Aċt an ccoiṁneoċaiḋ Día go deiṁin ar an ttaluṁ? féuċ, ní ḟaġann flaiṫeas, agus flaiṫeas na ḃflaiṫeas ionad duit; cá ṁéid ní as luġa ná sin ḟéudas an tiġse do rinne misé?


Ar an aḃarsin do ḃí an TIĠEARNA feargaċ le na ḋaóiniḃ, agus dfúaṫaiġ sé a oiġreaċt féin.


Agus a Sálem atá a ṗáilliún, agus a ionad coṁnuiḋ a Síon.


Do ċúalaiḋ Día sin, agus do ḃí fearg air, agus do ḟúaṫaiḋ Israel go ro ṁór:


Agus déindís sanctóir ḋaṁsa; ċor go ccoiṁneaċa mé na measc.


Agus do ḋéana mé coṁnuiġe a measg ċloinne Israel, agus béud am Ḋía aca.


Agus aiṫeonuid síad gur mé an TIĠEARNA a Ndía, noċ ṫug a maċ íad as críċ na Hégipte, ionnus go gcoiṁneoċuinn na measg: is misi an TIĠEARNA a Ndía.


Ar son hanma, ná gráin, ná teilg síos caṫaóir do ġlóire: cuiṁniġ, ná bris do ċunnraḋ rinn.


Do ṫeilg an TIĠEARNA seaċad a altóir, agus dfúaṫaiġ sé a ṡanctóir; do ṡeaċaid sé súas a láiṁ na náṁad ballaḋa a ṗáláis; do rinneadar gáir a ttiġ an TIĠEARNA, aṁuil a ló féusta sollamonta.


Agus aiṫeontaói go ḃfuilimsi a lár Israel, agus gur misi an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus naċ áon ar bioṫ oile: agus ní náireoċṫar mo ṗobalsa ċoiḋċe.


Agus ni ṡiuḃoltuiġe a mbéasuiḃ an ċiniḋ, noċ ṫeilgimsi amaċ roṁuiḃ: óir do rinneádar na neiṫesi uile, agus ar a náḋḃarsin do ḟuaiṫiġ misi íad.


Agus má ṫarcuisniġṫí mo statúidíġ, nó má ḃíonn gráin ag ḃur nanam roiṁ mo ḃreiṫeaṁnus, íonnus naċ ccoiṁlíonfáoi maiṫeanta uile, aċd go mbrisfíḋe mo ċunnraḋ:


Ṫairis sin fúicfiḋ síad an tír, agus géuḃuiḋ sí a sábbóidiġ, an feaḋ ḃías uáigneaċ gan íadsan inte: agus géuḃuiḋ síad pionús a néigceirt: do ċionn, eaḋon do ċionn gur ṫarcuisníġeadar mo ḃreiṫeaṁnuis, agus do ċiónn gur ḟúaṫaiġ a nanam mo statúidiġ.


Giḋeaḋ fós ar a ṡon sin, a nuáir ḃéid síad a ttír a náṁad, ní ṫeilgfe mé seaċad íad, agus ní mó ḟuaṫoċus mé íad, dá scrios ṫríd amaċ uile, agus do ḃriseaḋ mo ċunnarṫa ríu: oir is misi an TIĠEARNA a Ndía.


Do ġeárr mé mar an ccéadna amaċ triúr áoḋaireaḋ a naoinṁí; agus do ġráin manam riú, agus dfúaṫuiġ a nanamsan misi.


Ann a ḃfuil siḃse mar an gcéudna ar ḃur gcomṫógḃáil súas ionnus go mbíaḋ siḃ ḃur dteaġuís ċoṁnuiḋe ag Día trés an Spioruid.


¶ Agus a núair do ċonnáirc an TIĠEARNA sin, do ḟúaṫuiġ sé íad, ar son brostuiġe a ṁac, agus a inġean.


Giḋeaḋ, má tá ḃur ḃfearann sealḃa neaṁġlan, annsin éirgiḋ ṫairis go fearann seilḃe an TIĠEARNA, mar a ccoṁnuiġeann tabernacuil an TIĠEARNA, agus glacuiḋ sealḃ ar meascne: aċt na caṫuiġiḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus ná caṫuiġíḋ ar naġaiḋne, ag déanaḋ altóra ḋaóiḃ féin táoḃ amuiġ daltóir ar TTIĠEARNA Dé.


Agus a duḃairt Ṗínéhas ṁac Eleásair an sagart re cloinn Reuben, agus ré cloinn Ṁanasseh, A niuġ aiṫniġímid go ḃfuil an TIĠEARNA ar measc, do ċionn naċ ndearnaḃair an sáruġaḋsa a naġaiḋ an TIĠEARNA: annois do ṡáoraḃair clann Israel ó láiṁ an TIĠEARNA.


Agus do ċúala mé gúṫ mór ó neaṁ ag ráḋ, Féuċ, tabernacuil Dé ag daóiniḃ, agus do ḋéunuiḋ seision coṁnuiḋe na ḃḟoċair, agus béid síadsan na bpubal aige, agus biáiḋ Día féin na ḃfoċairsion, agus buḋ he a Ndía.


Uime sin atáid síad a ḃfíaḋnuise árdċaṫaoire Dé, agus do níd seirḃís dósan do ló agus doiḋċe ann a ṫeampoll: agus an tí atá na ṡuiġe sa gcaṫaóir áiteoċuiḋ sé na measg.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ