9 Annsin cuirfe tú fa deara stoc iubile do ṡéideaḋ, ar an deaċṁaḋ lá don tseaċdṁaḋ mí, a ló na síoṫa cuirfíḋe an stoc ḋá ṡéideaḋ ar feaḋ ḃur gcríċe uile.
Mar an gcéadna an deaċṁaḋ lá don tseaċṁaḋ mí biáiḋ na lá síoṫa: biáiḋ na ċóṁġairm naoṁṫa ḋaóiḃ; agus cráiḋfiḋe ḃur nanmanna, agus ofráilfiḋe ofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.
Oír do clós fuáim ḃréiṫre an Tíġearna uáiḃse amaċ, ní hé aṁáin a Macedónia agus a Naċaía, aċd do leaṫnuiḋ ḃur gcreideaṁ a Ndía sa nuile áit mar an gcéudna; ionnas naċ ḃfuil na ríaċdanas oruinne éinní laḃairt.
Maille ré cúṁaċd ċóṁarṫaḋ agus ṁíorḃuileaḋ, tré neart Spioraide Dé; ionnus gur ċóiṁlíon mé soisgéil Ċríosd, ó Ierusalem, agus na timċeall go soiṫe Illiricum.
Agus a nuáir ḃías Iúbile ċloinne Israel, annsin cuirfiġear a noiġreaċdsan a noiġreaċd na treiḃe ċum a ngéaḃṫar íad: mar sin tóigfiġear a noiġréaċdsan ó óiġreaċd ṫreiḃe ar naiṫreaḋne.
Mar an gcéadna a ló ḃur luṫġáire, agus ann ḃur laeṫiḃ féasta, agus a ttosuiġiḃ ḃur míos, buailfiḋe ḃur ttrumpuiḋe ós cionn ḃur nofrála loiscṫe, agus ós cionn íoḋbarṫa ḃur nofrála síoṫċana; ċor go mbéid aguiḃ mar ċuiṁníuġaḋ a laṫair ḃur Nde: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
¶ Agus áireóṁuíḋ tú seaċd sábbóidiġ do ḃlíaḋnuiḃ ḋuit, seaċd nuáire seaċd mblíaḋna; agus spás na seaċd sábbóid do ḃlíaḋnuiḃ biáiḋ ḋuitse na gceaṫraċad águs ná náoi mblíaḋnaiḃ.
Agus iomċoruid móirṡeasar sagart seaċt ttrumpuiḋe daḋarcuiḃ reiṫeaḋ roiṁe a náirc: agus ar an seaċdṁaḋ lá timċeoltaoi an ċaṫair seáċd núaire, agus seídfid na sagairt na trumpuiḋe.
Agus tiucfa a ccríċ annsa ló sin, go séidfiġṫear stoc mór, agus tiucfuiḋ an drong do ċuáiḋ seaċad a ttír na Hassíria, agus do ḋíbearṫuiġ a ccríċ na Hégipte, agus aḋoruid an TIĠEARNA annsa tslíaḃ náoṁṫa ag Ierusalem.
Agus biáiḋ so na statúid go bráṫ aguiḃ: ḃur nanmanna do ċráḋ ar an seaċdṁáḋ mí, ar an deaċṁaḋ lá don ṁí, agus ní ḋéantáoi obair ar áonċor, más do ḃur ttír féin é, no coiṁṫiḋeaċ ċoṁnuiġeas ḃur measg: