Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 24:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus cuirfe tú túis ḟíorġlan ar gaċ cúrsa, cor go mbía ar a narán mar ċuiṁne, eaḋon ofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 24:7
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus bíaiḋ an boġa annsa néull; agus féuċfa misi air, ionnus go cuiṁneoċa mé an cunnraḋ bioṫḃúan eidir Día agus gaċ uile ċréatúir béo do nuile ḟeóil dá ḃfuil ar an ttalaṁ.


Agus biáiḋ an lása aguiḃsi mar ċuiṁne: agus cuiṁdeoċṫáoi é mar ḟéusda don TIĠEARNA ar feaḋ ḃur sáoġuil; cuiṁdeoċṫáoi é mar ḟeúsda maille ré hórduġaḋ síorruiḋe.


Agus biáiḋ mar coṁarṫa ḋuitsi ar do láiṁ, agus mar ċuiṁne eidir do ṡúiliḃ, ionnus go mbía dliġeaḋ an TIĠEARNA ad ḃéul: óir is lé láiṁ láidir ṫug an TIĠEARNA amaċ as Négipt ṫú.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Sgríoḃ so mar ċuiṁne a leaḃar, agus aiṫris é a gcluasuiḃ Iosua: óir cuirfe mé as go hiomlán cuiṁne Amalec ó fáoi neaṁ.


Agus cuirfe tú an dá ċloiċ ar ġuáilliḃ a neṗod mar ċloċuiḃ cuiṁniġe do ċloinn Israel: agus iomċóra Aáron a nanmanna as coinne an TIĠEARNA ar a ḋá ġúaluinn mar ċuiṁne.


Ní ṫug tú ċugam áirnéis ḃeag hofrala loisge; ní mó donóruiġ tú mé led íoḋbarṫaiḃ. Ní ṫug mé ort foġnaṁ le hofráil, agus ní ṫug mé ort sáoṫruġaḋ lé túis.


Agus a nuair ofrálus éainnéaċ ofráil bíḋ don TIĠEARNA, bioḋ a ioḋbuirt do ṗlúr ṁín; agus dóirtfiḋ ola air, agus cuirfiḋ túis air sin.


Agus do ḃéara sé go macaiḃ Aáron na sagairt é: agus toígeoḃuiḋ as sin lan a ḋuirn dá ṗlúr, agus dá ola, maille le a ṫúis uile; agus loisgfiḋ an sagart a ċuiṁne sin ar an altoír, do ḃeiṫ na ofráil déanta lé teniḋ, do ḃolaḋ ṁaiṫ don TIĠEARNA:


Agus toigeoḃuiḋ an sagart as a ofrail biḋ cuiṁne uirre, agus loiscfiḋ sé ar an altóir é: is ofráil sin déanta lé teniḋ, do ḃolaḋ ṁaiṫ don TIĠEARNA.


Agus a duḃairt Iósa riú, Is misi arán na beaṫa: an té ṫig ċugamsa ni ḃía ocras go bráṫ air; agus an té ċreideas ionnam ní ḃía tart go bráṫ air.


Is misi an tarán béo do ṫuirrling ó neaṁ: giḋ bé iósas don arán so, mairfiḋ sé go bráṫ: agus an tarán do ḃéura misi úaim as é mféoil féin é, do ḃéura mé ar son ḃeaṫa an doṁáin.


Agus a duḃairt sé, A Ċornélius, do héisdeaḋ húrnaiġe, agus do coiṁniġeaḋ do ḋéirc a ḃfíaḋnuise Dé.


Agus ag féuċain dósan air go gér, agus ag gaḃáil eagla, a duḃairt sé, Créd é sin, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt seision ris, Do ċuáiḋ húrnaiġṫe agus do ḋéirce súas a gcoiṁne a ḃfiaḋnuise Dé.


Ċum molta glóire a ġrás, tré a ndéarna sé sinne grásaṁuil an a Ṁac ġráḋaċ.


Ionnas gur féidir leis an dream ṫig ċum Dé ṫríd féin do ṡlánuġaḋ go híomlán, ar mbeiṫ ḋó beó go síorruiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéunaṁ ar a son.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ