Agus loisgid síad don TIĠEARNA gaċa maidin agus gaċ tráṫnóna íoḋbarṫa loisge agus túis ḋeaġḃoluiġ: órdúiġid mar an gcéadna an tarán taisbeánta air an mbórd ḃfíorġlan; agus an coinnleóir óir gun a ṡoillsiḃ, do lasaḋ gaċa traṫnóna: óir coiṁéadmaóid úalaċ ar TTIĠEARNA Dé; aċ do ṫréigeaḃairse é.
Ċum a naráin taisbéanta, agus ċum na hofrála gnáṫuiġ bíḋ, agus ċum na hofrála gnáṫuiġ loisge, na sabbóideaḋ, na ngealaċ nuáḋ, agus ċum na ḃféastaḋ cinnte, agus ċum na neiṫeann naoṁṫa, agus ċum na nofrálaḋ peacuíḋ do ḋéanaṁ síoṫċána ar son Israel, agus ċum uile oibre ṫiġe ar Ndé.
Agus do ṫeilgiomar crannċar a méasg na sagart, agus na Leḃiteaċ, agus an ṗobail, a ttáoḃ na hofrála connaiġ, dá taḃairt go tiġ ar Ndé, do réir ṫiġṫeaḋ ar naiṫreaḋ, a nam cínnte ó ḃlíaḋuin go blíaḋuin, do loscaḋ ar altóir an TTIĠEARNA ar Ndía, mar atá sé scríoḃṫa san dliġeaḋ:
Do ḃí a naltóir ṁaide trí cuḃaid ar áirde, agus ḋá ċuḃad ar fad; agus do ḃí a beanna, agus a fad, agus a ballaḋa daḋmad: agus a duḃairt sé riom, Isé so an bórd atá a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA.