Eaḋon a naráin taisbéanta, agus an ṗlúir ḟínealta do nofráil ḃíḋ, agus ḃairġiona gan loiḃín, agus an neiṫe do níṫí ann sa noiġean, agus an neiṫe friṫeailte, agus a nuile ṡórt miosúr agus méud;
Agus loisgid síad don TIĠEARNA gaċa maidin agus gaċ tráṫnóna íoḋbarṫa loisge agus túis ḋeaġḃoluiġ: órdúiġid mar an gcéadna an tarán taisbeánta air an mbórd ḃfíorġlan; agus an coinnleóir óir gun a ṡoillsiḃ, do lasaḋ gaċa traṫnóna: óir coiṁéadmaóid úalaċ ar TTIĠEARNA Dé; aċ do ṫréigeaḃairse é.
Ċum a naráin taisbéanta, agus ċum na hofrála gnáṫuiġ bíḋ, agus ċum na hofrála gnáṫuiġ loisge, na sabbóideaḋ, na ngealaċ nuáḋ, agus ċum na ḃféastaḋ cinnte, agus ċum na neiṫeann naoṁṫa, agus ċum na nofrálaḋ peacuíḋ do ḋéanaṁ síoṫċána ar son Israel, agus ċum uile oibre ṫiġe ar Ndé.
Agus do ṫeilgiomar crannċar a méasg na sagart, agus na Leḃiteaċ, agus an ṗobail, a ttáoḃ na hofrála connaiġ, dá taḃairt go tiġ ar Ndé, do réir ṫiġṫeaḋ ar naiṫreaḋ, a nam cínnte ó ḃlíaḋuin go blíaḋuin, do loscaḋ ar altóir an TTIĠEARNA ar Ndía, mar atá sé scríoḃṫa san dliġeaḋ:
Agus do ḃeura tú a steaċ an bórd, agus suiḋeoċa tú a nordúġaḋ na neiṫe atá ré ṡuiḋiuġaḋ a nórd air; agus do ḃéura tú an coinnleóir a steaċ, agus las fa tú a lampuiḋe.
Agus ar ḃord an aráin ṫaisbéanta leaṫneoċuid siad éadaċ do ġorm, agus cuirfid na míasa ar sin, agus na líaċa, agus na scaluiḋe, agus na foluiġ a ḟoileoċus: agus biáiḋ an tarán síorruiḋe air:
Ciondas do ċúaiḋ sé a sdeaċ go tiġ Dé, agus do iṫ sé aráin ná híoḋbarṫa, nar ċeaduiġṫeaċ ḋó féin, ná don droing do ḃí na ḟoċair diṫe, aċd do na sagartaiḃ a ṁáin?
Ré a ḃfuil súil ag ar nda ṫreiḃ ḋéugne, ag déanaṁ seirḃíse do Ḋía do ló agus dóiḋċe go gnáṫaċ. Is do ṫáoḃ an dóṫċais sin, a rí Agrippa, eiliġid na Iúdaiġe misi.
Ann sin ṫug an sagart arán coisreacṫa ḋó: óir ní raiḃ arán ar biṫ ann aċd an tarán taisbéanta, noċ do ṫógḃaḋ as fiaġnuise an TIĠEARNA, do ċur aráin teiṫ annsa ló ar tógḃaiḋ as é.
Anois do ḃí duine áiriġ do ṁuinntir Ṡauil annsin an lásin, ar na ċongṁáil a laṫair an TIĠEARNA; agus a sé dob ainm ḋó Doeg, Edomíteaċ, ceann na náoḋuireaḋ do ḃí ag Sául.