Agus na coinnleóiriġ dór ḟíorġlan, a cuig ar an ttáoḃ ndeas, agus a cúig ar an taoḃ clé, as coinne a noracuil, maille ré na ḃláiṫiḃ, agus leis na lampaḋuiḃ, agus leis na teanċairiġiḃ óir.
Eaḋon coṁṫrom ċum an ċoinnleóir óir, agus dá lampaḋuiḃ dór, lé coṁṫrom dogaċ éanċoinnleóir, agus dá lampaḋuiḃ: agus do na coinnleoiriḃ airgid lé coṁṫrom, don ċoinnleoir, mar an gcéadna agus dá lampaḋuiḃ, do réir úsaide gaċ áon ċoinnléora.
Do ḋruideadar fós doirse an ṗóirse, agus do ċuireadar na soillse as, agus níor loisgeadar túis agus níor ofráladar íoḋbarṫa loisge annsa náit náomṫa do Ḋía Israel.
Agus na báisiniġe, agus na hoiġne teineaḋ, agus na bullaḋa, agus na fuirnísi, agus na coinnleóiriġ, agus na líaċa, agus na cupain; an ní do ḃí dór a nór, agus an ní do ḃí dairgiod, a nairgiod, rug caiptín an ġárda leis.
Táoḃ a muiġ dfolaċ ḟíaḋnuise, ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, óirdeoċus Aáron é ó ṫráṫóna go maidin a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA go síorruiḋe: biáiḋ na statúid a gcoṁnuiḋe ann ḃur sleaċduiḃ.
Agus buḋ é a ccúram a náirc, agus an bórd, agus an coinnleóir, agus na haltóra, agus soiṫiġe na sanctóra lé ndéanuid frioṫolaṁ, agus an ccroċaḋ, agus a nuile ṡerḃís ḃeanas ris.
Agus géaḃuid ċuca éadaċ do ġorm, agus foileoċuid coinnleóir an tsoluis, agus a lampuiḋe, agus a ṫeannċuiriḋe, agus a ṁiása smóil, agus a uile ṡoiṫiġe ola, lé ndéanuid siad frioṫoluṁ ḋó:
Rúindiaṁair na seaċd réult do ċonnairc tú am láiṁ ḋeis, agus na seaċd gcoinnleóir órrġa. A síad na seaċd réulta seaċd naingil na neaglúisiḋiḃ: agus na seaċd gcoinnleóir do ċonnairc tú a síad na seaċd neagluiseaḋa íad.
Uime sin bíoḋ coiṁne agud cá hionad as ar ṫuit tú, agus bíoḋ aiṫreaċas ort, agus déun na céudoibreaċa; nó tiucfuiḋ mé ad ċoinne go haiṫġearr, agus aṫróċad do ċoinnleoir as a ionad, mona ndearna tú aiṫriġe.