Leḃiticus 24:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)11 Agus do ṁasluaiġ mac na mná Israelḋa aimn an TIĠEARNA, agus do ṁalluiġ é. Agus tugadar ċum Maóise é: agus do bé ainm a ṁaṫar Selomit, inġean Dibri, do ṫreiḃ Dan: အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus ṫangadar a steaċ, días fear, clann Ḃélial, agus do ṡuiġeadar as a ċoinne: agus do rinneadar clann Ḃélial fíaḋnuise na aġaiḋ, eaḋon a naġaiḋ Nábot a laṫair an ṗobail, ġa ráḋ, Do ṁasluiġ Nábot Día, agus an ríġ. Annsin rugadar amaċ as an ccaṫruiġ é, agus do ċloċadar é le cloċuiḃ, go ḃfuair sé bás.
Agus is aṁluiḋ ḃí, a núair do ṫíaġaḋ láeṫe a bfleiḋe timċioll, go ccuireaḋ Iób fios orra agus go náoṁuiġeaḋ sé íad, agus go néirġeaḋ sé sa ṁoċ na maidne, agus go nofrálaḋ sé iodḃarṫa loisge do réir a nuiḃre uile: óir a deireaḋ Iób, Do bféidir gur ṗeacniġeádar mo ṁic, agus gur ṁalluiġeadar Día iona gcroiḋṫiḃ. Marso do níoḋ Iób go gnáṫaċ.