Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 23:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 ¶ Sé lá do ḋeantar obair: aċd is é an seaċdṁaḋ la sábbóid an tsuaiṁneasa, coṁġairm náoṁṫa é; ní ḋéantaoi obair ar biṫ ann: ís í sabbóid an TIĠEARNA í ann ḃur náitiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 23:3
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt sé riú, Se so ann ní a duḃairt an TIĠEARNA, A máraċ atá suáiṁneas na sáoire náoṁṫa don TIĠEARNA: fuiniġ a niúġ an ṁeid bfuinfiġe, agus bruiṫiġ an ṁéid ḃruiṫfiḋe: agus an ṁéid ḃias ós a ċionn, cuiriḋ súas diḃ féin dá ċuṁdaċ go maidin é.


Féuċ, ar a ṡon so tug an TIĠEARNA an tsábóid ḋáoiḃ, uime sin do ḃeir sé ḋáoiḃ air an seiseaḋ lá arán ḋa lá: fanaḋ gaċ áon aguiḃ na áit, ná héirgeaḋ einneaċ aguiḃ amaċ as a áite air an seaċdṁaḋ lá.


Mar sin do ḟosadar an pobal air an seaċdṁaḋ lá.


Sé lá do ḋéana tú hobair, agus do ḋéana tú coṁnuiġe an seaċdṁaḋ lá: ionnus go gcoṁneoċuiḋ do ḋaṁ agus hassal, agus go neartuiġe mac do ċuṁaile, agus an coiṁiġṫeaċ.


Sé lá dó ḋéana tú obair, aċd annsa seaċṁaḋ lá do ḋéana tú coṁnuiġ: a naimsir treaḃṫa, agus annsa bḟóġṁar do ḋéana tú suaiṁneas.


Is beannuiġṫe an té do ní so, agus mac an duine ḃeirios greim air; noċ ċoiṁéadas an tsaóire gan a truáilleaḋ, agus ċoiṁéadas a láṁ ó ḋéanaṁ uilc ar biṫ.


Mic na ccoiṁiġeaċ mar an ccéadna, íaḋas íad féin leis an TTIĠEARNA, dfoġnaṁ ḋó, agus do ġráḋuġaḋ anma an TIĠEARNA, agus do ḃeiṫ na seirḃíseaċaiḃ aige, gaċ uile ḋuine ċoiṁéadas an tsaóire naċ brisionn í, agus ġlacus gréim dom ċunnraḋ;


¶ Má ḟilleann tú do ċos ón tsaóire, do ḋéanaṁ do ṫoile ann mó ló saóiresi; agus go ngoirfe tú áoiḃneas don tsaóire, lá náoṁṫa onóraċ an TIĠEARNA; agus go nonórfa tú é, gan do ṡliġṫe féin do ḋéanaṁ, nó haoiḃneasa féin dfaġáil, nó gan do ḃríaṫra féin do laḃáirt;


¶ Biáiḋ eagla ḃur maiṫreaċ, agus ḃur naiṫreaċ aguiḃ (ar gaċ áon ḟear), agus coiṁéaduiġ nó ṡábóid: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.


Agus ar ḃfreagra dúaċdarán na sinagóge ar mbeiṫ diomġaċ ḋó, fá Iósa do ḋéanaṁ leiġis ann sa tsabboid, a duḃairt sé ris on bpubal, Atáid sé laéṫe ann ar coir obair do ḋéanaṁ; ar a naḋḃarsin gur ab ionnta sin ṫiocfas siḃ dá ḃur leiġeas, agus nar ab a lá na sabboide.


Agus ar ḃfilleaḋ ḋóiḃ dullṁuiġeadar spíosruiḋe deaġḃaluiḋ agus uinnímentiġe; agus do ċoṁuuiḋeadar lá na sáḃoide do réir na háiṫne.


Oír atáid ag Maóisi ó na seanaimsireaċuiḃ a nall dáoine do nía ṡeanmóruġaḋ a ngaċ áon ċaṫruiġ, ann sna sinagóguiḃ ann a léuġṫar gaċa sábbóid é.


Agus do coiṁéigniġeaḋ mé ris an Spioruid a ló an Tiġearna, agus do ċúaluiḋ mé don táoḃ ṡíar ḋíom gúṫ mór mar ḟuáim sduic,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ