Leḃiticus 23:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)1 Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋá raḋ, အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Féuċ, atáim ag deanaṁ tiġe dainm mo ṪIĠEARNA Dé, da ċoisreagaḋ ḋó, agus do losgaḋ túise déaġḃolaiḋ dá laṫair, agus don narán taisbéanta laeṫeaṁuil, agus do na hofráluiḃ loisge maidin agus tráṫnóna, annsna sabboidiḃ, agus annsna reéiḃ núaḋa, agus a ḃféastuiġiḃ sollamanta ar TTIĠEARNA Dé. Atá so dúalaċ air Israel go bráṫ.
Agus buḋ é cuid an ṗrionnsa ofrála loisge, agus ofrála bíḋ, agus ofrála diġe, do ṫaḃairt úaṫa annsna féustuiḃ, agus annsna reéiḃ núaḋa, agus annsna sabbóidiḃ, ann uile ṡollamantaċd ṫiġe Israel: gléusfuiḋ seision a nofráil ṗeacaiḋ, agus a nofráil ḃíḋ, agus a nofráil loisge, agus na hofrála sioṫċána, do ḋéanaṁ aṫċáirdis do ṫiġ Israel.