Annsin a duḃairt misi, Ah a Ṫiġgearna DIA! féuċ, níor truáilleaḋ manam: óir ó maóis óig súas gus a nois níor iṫ mé do ní éugus úaḋa féin, nó réabṫa na ḃloḋuiḃ; ní mó ṫáinic feóil aḋḟuáṫṁar am ḃéul.
¶ Agus gaċ uile anam íosas a nfeóil fuáir bás uáiṫe fein, nó do ṁarḃaḋ lé beaṫaċaiḃ, más duine dot ṫír féin é, nó coíṁiḋṫeaċ, niġfiḋ aráon éadaċ, agus foṫruicfíḋ é fein a nuiscṫe, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin: annsin biáiḋ sé glan.
Aċ geir an ḃeaṫaiḋ do ġeiḃ bás uáḋa féin, agus méaṫas a nainṁiḋe réubuid beaṫaiḋ, is eidir sin do ċur a núsáid ar biṫ eile: giḋeaḋ ní íostáoi éinní ḋe ar éanċor.
¶ Ni íostaói éinní reaċus déag uaḋ féin: do ḃéura tú é don ċoiṁiḋeaċ ḃías ann do ḋoirsiḃ, go niṫe sé é; nó féadfa tú a ḋíol ris an ndeóraiḋ: óir is pobal náoṁṫa ṫusa don TIĠEARNA do Ḋía. Ní ḃruiṫfe tú meannán a mbainne a ṁaṫar.