Agus gioḋ bé ar biṫ imṫiġeas ar a ċroḃuiḃ, a measc a nuile ṡórt beaṫaċ imṫiġeas a néinḟeaċd ceaṫair ċosaċ, atáid neaṁġlan díḃ: gaċ áon ḃeanfas re na cconabluiḋ biáiḋ se neaṁġlan go tráṫnóna.
Agus gioḋ bé ar biṫ ní ar a dtuitfiḋ énni ḋíoḃ, a nuáir ḃías marḃ, biáiḋ sé neaṁġlan; más soiṫeaċ croinn é, nó éadaċ, nó croicean, nó sac, nó gioḋ bé ar biṫ soiṫeaċ é, le ndéantar obair ar biṫ, caiṫfiġear a ċur a nuisce, biáiḋ néaṁġlán go nóin; glanfuiḋear mar sin é.
Agus an té iṫeas da ċonabluiḋ niġeaḋ a éadaċ, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin: an té mar an gcéadna iomċras a gconablaċ niġfiḋ a éadaċ, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
Annsin a duḃairt Haggai, Má ḃeanann duine ḃíos neaṁġlan ó ṁarḃ re háonċuid díoḃso, an mbiáiḋ sé neaṁġlan? Agus do ḟreagradar na sagairt agus a duḃradar, Biáiḋ sé neaṁġlan.
Agus mar so do ḃí cuid agaiḃse: aċd atá siḃ ar ḃur nionnlaḋ, aċd atá siḃ ar ḃur náoṁaḋ, aċd atá siḃ ar ḃur sáoraḋ a nainm an Tiġearna Iósa, agus tré Spioraid ar Ndéinne.
Druideam air ar naġaiḋ maille ré croíḋe fírinneaċ sáirḋeiṁneaċ a gcreideaṁ, ar mbeiṫ dár gcroíḋiḃ ar na ccróṫaḋ ó ḋroċċoinnsías, agus ar mbeiṫ dár gcorp ionnailte ré huisge glan.