22 Doille, nó briseaḋ, nó ciorrḃaḋ, no air a mbía sineaċ, nó claiṁ, nó gearba, ní offráiliḋ íadso don TIĠEARNA, agus ní ḋéantáoi ofráil lé téiniḋ ḋíoḃ don TIĠEARNA ar a naltóir.
Aċd nifiġ sé na hinniġe agus na cosa a nuisce: agus do ḃeára an sagart leis sin uile, agus loiscfiḋ sé ar a naltóir é: is ofráil loiscṫe é, ofráil déanta lé teiniḋ, do ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.
Aċd na hinniġe agus na cosa niġfiḋ sé a nuise: agus loiscfiḋ an sagart an tiomlán ar a naltóir, do ḃeiṫ na ioḋbuirt loiscṫe, ofrail ar na ḋéanaṁ lé teiniḋ, do ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.
Agus gioḋ bé ar biṫ ofrálas ofráil íoḋbarṫa ṡíoṫċána don TIĠEARNA do ċoṁall a ṁóide, no ofrail áontaḋaċ do ḃuáiḃ no do ċaorċuiḃ, bíaiḋ iomlan ré na ġlacaḋ; ní ḃía toiḃéim ar biṫ air.
Agus loiscfid clann áaron é ar an altóir ar an ioḋbuirt loiscṫe, noċ ḃíos ar an gconnaḋ ḃíos ar an tteniḋ: ofrail déanta le teniḋ, do ḃolaḋ cumbra don TIĠEARNA.
Agus má otralṫaói an ní dall mar íoḋbairt, a né naċ olc sin? agus má ofralṫáoi ní bacaċ no easlán, a né naċ olc sin? ofrál a nois é dot uáċtarán; an mbiáiḋ sé réiḋ riot, nó an nglacfa sé do ṗearsa? a deir TIĠEARNA na slóġ.