¶ Má ḃíonn ofráil nó íoḋbuirt loiscṫe don airiġe, ofrálaḋ firionnaċ gán ċáide: ofrálaḋ sé, é da ṫoil áontaġaíḋ féin ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA.
Ní mó ofráilfiḋe bíaḋ ḃur Dé as láiṁ ċoiṁiġṫiġ déainní ḋíoḃso; do ċionn ḃfuil a morgaḋ féin ionta, agus go ḃfuilid ainṁe orra: ní ġéuḃṫar ar ḃur son íad.
Agus má otralṫaói an ní dall mar íoḋbairt, a né naċ olc sin? agus má ofralṫáoi ní bacaċ no easlán, a né naċ olc sin? ofrál a nois é dot uáċtarán; an mbiáiḋ sé réiḋ riot, nó an nglacfa sé do ṗearsa? a deir TIĠEARNA na slóġ.
Sé so orduġaḋ an dliġe noċ do aiṫín an TIĠEARNA, gá ráḋ, Laḃair re cloinn Israel, go ttugdáois ċugad colpaċ ḃainnean ḋeargḃuiḋe gan toiḃéim, ann naċ bía crón, agus ar nar cuireaḋ cuing a ríaṁ:
A né náċ ro ṁó ná sin ḋéunas fuil Ċríosd, noċ do ḟoráil é féin gan ċáiḋe do Ḋía trés an Sbiorúid ṡíorruiḋe, ḃur ccoinnsíassa ġlanaḋ ó oibreaċuiḃ marḃa ċum seirḃíse do ḋéunaṁ don Día ḃeó?