Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 22:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Laḃair ré Haáron agus ré na ṁacaiḃ, íad féin do ṡeaċna ar neiṫiḃ náoṁṫa ċloinne Israel, agus gan mainm náoṁṫasa do ṫruáilleaḋ ann sna neiṫiḃ náoṁṫoċuid ḋaṁ: misi ann TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 22:2
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt mé riú, Atáṫaói náoṁṫa don TIĠEARNA; atáid na soiṫiġe mar an gcéadna beannuiġ; agus atá an tairgiod agus an tór na nofráil ṫoileaṁuil don TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ.


Go ccuirfe tú ar leiṫ don TIĠEARNA a nuile ġein osclus an ḃrú, agus a nuile ċéadṫuismeaḋ ṫig ó ḃeaṫaċ noċ is leaċtsa; na firionnuiġ is leis anTTIĠEARNA.


Agus biáiḋ sé ar éadan Aáron, ċor go nioṁċóruiḋ Aaron éacceart na niṫeann náoṁṫa, noċ naoṁṫoċuid clann Israel iona mbrontuiḃ náoṁṫa uile; agus biáiḋ sé a gcoṁnuiḋe ar éadan, ċor go nglacfuiġear iad a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA.


¶ Filliġiḋ, filliġiḋ, éirgiḋe amaċ as sin, ná beanaiḋ re ní neaṁġlan; éirġiḋe amaċ as a lár; biṫísi glan, noċ iomċras soiġṫiġe an TIĠEARNA.


Agus nár ċoiṁéadaḃair cúram mo neiṫe náoṁṫa: aċt do ċuireaḃair coiṁéuduiġṫe mo ċúruim ann mo ṡanctóir ar ḃur son féin.


Mar so ḋeileóċuid clann Israel ré na neaṁġloine; ionnus naċ ḃfaġaid bás iona neaṁġloine, a nuáir ṫruáillid mo ṫabernacuilsi atá na measc.


Agus ní léigfe tú déanduine dot ṡlioċd dul ṫríd an teiniḋ go Móleċ, ní mó ḋísbeagfas tú ainm don Ḋé: misi an TIĠEARNA.


¶ Agus ní ṫiuḃarṫáoi mainmse a mbréig, ní mó ṫruáilleoċus tú ainm do Ḋé: misi an TIĠEARNA.


Agus suiḋéoċuiḋ misi maġaiḋ a naġaiḋ an duine sin, agus gearrfad a maċ é as lár a ḋaóine: do ċionn go ttug cuid dá ṡíol do Ṁóleċ, do ṫruailleaḋ mo ṡánctóra, agus do ṫarcuisníuġaḋ manma náoṁṫa.


Béid síad náoṁṫa ċum a Ndé, agus ní ṫarcuisneoċuid síad ainm a Ndé: óir ofrála an TIĠEARNA déanta le teiniḋ, agus arán a Ndé, ofráluid siad: uime sin béid náoṁṫa.


Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋá ráḋ,


Ní mó ṫruáillfiḋe mainm náoṁṫa; aċd biaiḋ mé ar mo naoṁaḋ a measc ċloinne Isráel: misi an TIĠEARNA náoṁas siḃ,


Agus ní ḃía peacaḋ ar bíṫ oruiḃ da ḃríġ sin, a nuáir ṫóigfiḋ ḋe an ċuid is fearr ḋe: ní mó ṫrúailleoċtáoi neiṫe náoṁṫa ċloinne Israel, deagla go néugfaḋ siḃ.


¶ Gaċ uile ċéad ṫoraḋ firionn dá ttiucfa ód ṡealḃa agus ód ṫréud naoṁṫoċaiḋ tú dot ṪIĠEARNA Día íad: ní ḋéana tú obair ar biṫ le cédġein do ḃó, agus ní lomfa tú céadúan do ċáoraċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ