Agus biáiḋ sé ar éadan Aáron, ċor go nioṁċóruiḋ Aaron éacceart na niṫeann náoṁṫa, noċ naoṁṫoċuid clann Israel iona mbrontuiḃ náoṁṫa uile; agus biáiḋ sé a gcoṁnuiḋe ar éadan, ċor go nglacfuiġear iad a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA.
Cread fá nár iṫeaṁair a nofráil ṗeacuiḋ an sa náit náoṁṫa, ó ta sé ró náoṁṫa, agus do ṫug Día ḋiḃsi é diomċar ċionta an ċoṁċruinniġṫe, do ḋéanaṁ sióḋa ar a son a laṫáir an TIĠEARNA?
A ṁáin ní raċuiḋ táoḃ a steaċ do nfolaċ, nó a ḃfogus do naltóir, do ċíonn go ḃfuil aineaṁ air; ionnus naċ ttruáillfiḋ mó ṡanctoir: óir misi an TIĠEARNA do náoṁuiḋ mé íad.
Agus ma hiostar eainní dfeóil ioḋḃarṫa a ofrála síoḋa ar éanċor an treas lá, ní geaḃṫar í, ní mó meastar do nofráil í: biáiḋ sí na haḋúaṫṁuireaċd, agus an tanam íosas di iomċóruiḋ sé a ċoir.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Háaron, Iomċóra tusa agus do ṁíc agus tiġ haṫar maille leaċd éigceart na sanctóra: agus iomċóra tusa agus do ṁíc maille leaċd aindliġeaḋ ḃur sagartaċda.
Agus ní ḃía peacaḋ ar bíṫ oruiḃ da ḃríġ sin, a nuáir ṫóigfiḋ ḋe an ċuid is fearr ḋe: ní mó ṫrúailleoċtáoi neiṫe náoṁṫa ċloinne Israel, deagla go néugfaḋ siḃ.
An tí diomċair ar bpeacuiġne ann a ċorp féin air an gcrann, ionnus air mbeiṫ ḋúinne marḃ do na peacuiġiḃ, go mairfemís do nfíréuntaċd: an tí agár leiġeasaḋ siḃse ré na ċréuċduiḃ.