Agus rug Abram Sarai a ḃean, agus Lot mac a ḋearḃraṫar, agus a substaint uile noċ do ċruinniġeadar, agus na hanmanna fúaradar ann Háran: agus do ċúadar amaċ do ḋul go tir Ċanaáin; agus tangadar go tir Ċanaáin.
Buḋ leaċtsa so do na neíṫiḃ ronáoṁṫa, do congṁaḋ on teiniḋ: gaċ uile ofráil is leósan, gaċ uile ofraíl ḃíḋ is leósan, gaċ ofráil ṗeacaíḋ is leósan, agus gaċ ofráil aindliġiḋ is leósan, noċ do ḃéuruid ḋaṁsa, biáiḋ si ronáoṁṫa ḋuitsi agus dod ṁacaiḃ.