Aċd má ḃíonn inġean an tsagairt na baíntreaḃuiġ, nó dealuiġe, nó naċ bía clan aice, agus go ḃfillfiḋ sí go tíġ a haṫar, do nós a haoise óige, íosuiḋ sí do ḃíaḋ a haṫar: aċd ní íosfuiḋ éancoiṁiḋeaċ ḋe.
Ciondas do ċúaiḋ sé a sdeaċ go tiġ Dé, agus do iṫ sé aráin ná híoḋbarṫa, nar ċeaduiġṫeaċ ḋó féin, ná don droing do ḃí na ḟoċair diṫe, aċd do na sagartaiḃ a ṁáin?
Ann sin ṫug an sagart arán coisreacṫa ḋó: óir ní raiḃ arán ar biṫ ann aċd an tarán taisbéanta, noċ do ṫógḃaḋ as fiaġnuise an TIĠEARNA, do ċur aráin teiṫ annsa ló ar tógḃaiḋ as é.
Anois do ḃí duine áiriġ do ṁuinntir Ṡauil annsin an lásin, ar na ċongṁáil a laṫair an TIĠEARNA; agus a sé dob ainm ḋó Doeg, Edomíteaċ, ceann na náoḋuireaḋ do ḃí ag Sául.