Agus táinic a steaċ na ccion ṫrí míosa na ḋiáiġ sin, gur hinniseaḋ do Iudah ag raḋ, Do rinne hinġean Támar meirdreaċus: agus feúċ fós atá sí torraċ o stríopaċus: agus a duḃairt Iudah, Tugṫar amaċ í, agus a loiscṫear í.
Cuiṁdeoċṫáoi an sabbóid ar a naḋḃarsin; óir atá náoṁṫa ḋaóiḃ, a nuile ḋuine ḃrisios i cuirfíġear go deiṁin ċum báis é: óir giḋ bé neaċ oibriġeas éainní innte, gearrfuiġear anam sin ó ḃeiṫ a measg a ḋáoine.
Atáid peacaiċ Síon eaglaċ; do lion eagla na fúarċráiḃṫiġ, ġa raḋ, Cia eadruinn aitreaḃus maille le teiniḋ millteaċ? cía eadruinn aitreaḃus maille re loisgṫiḃ síorruiḋe?
Marḃuiḋ ṫríd amaċ sean agus óg, ídir ċailíniġ, agus leanba óga, agus ṁnáiḃ: aċt ná tigiḋ a ḃfogus dáonduine ar a mbía an coṁarṫa; agus tosuiġiḋ ag mo ṡanctóirse. Annsin do ṫosuiġeadar ris na daóiniḃ seana noċ do ḃí as coinne an tiġe.
¶ Agus má ḃeir fear bean agus a maṫair, is peacaḋ gráineaṁuil sin: loiscfíġear a tteiniḋ íad a ráon, eision agus íadsan; ionnus naċ mbiáiḋ peacaḋ ḃur measg.
Ann sin do ḃéuruid síad an cailín amaċ go dorus tiġe a haṫar, agus cloċfuid muintir a caiṫreaċ lé cloċuiḃ í nó go néuga sí: do ċionn go ndéarna sí leiṁe an Israel, stríapaċus do ḋéanaṁ a ttiġ a haṫar: mar sin ċuirfiḋe an tolc ar ccúl uaiḃ.
Agus is eaḋ ḃias de, an té ar a mbéarṫar leis an ní móidiġṫe loisgfiġear lé teiniḋ é féin, agus a mbía aige uile; do ḃríġ gur ṡáruiġ sé cunraḋ an TIĠEARNA, agus do ḃríġ gur oibriġ sé leiṁe a Niosrael.
Agus a duḃairt Iosua, Cred as ar ḃuáiḋir tusa sinne? buáiḋeoruiḋ an TIĠEARNA ṫusa a niuġ. Agus do ċloċadar Israel uile lé cloċuiḃ é, agus loisgeadar íad lé teine, tar éis a ccloċaḋ lé cloċuiḃ.