Agus cuirfe tú ar Aáron do ḋearḃraṫair íad, agus ar a ṁacuiḃ maille leis: agus ungfuiġ tú íad, agus coisreocuiḋ tú íad, agus náoṁṫoċaiḋ tú íad, ċor go ndéanuid miniostralaċd ḋaṁsa a noifig an tsagairt
Béid síad náoṁṫa ċum a Ndé, agus ní ṫarcuisneoċuid síad ainm a Ndé: óir ofrála an TIĠEARNA déanta le teiniḋ, agus arán a Ndé, ofráluid siad: uime sin béid náoṁṫa.
Aiṫin do ċloinn Israel, agus abair riú, Coiṁéadfuid mofráil, agus marán ċum ioḋbarṫa déanta lé teiniḋ, mar ḋeaġḃolaḋ ḋaṁsa, dá ofráil ḋaṁ na am iomċuḃaiḋ féin.
An é naċ dtuillfiḋ (do réir ḃur mbaraṁlasa,) an tí ṡaltras Mac Dé fá na ċosuiḃ, agus measus fuil an ċonnarṫa, lér náoṁaḋ é, ḃeiṫ neaṁġlan, agus do ḃeir masla do Spioruid na ngrás, pionús as ró ṁó ná sin?
Oir a sé a ṡaṁuil sin dárdṡagart dob iomċuḃaiḋ ḋúinne do ḃeiṫ aguinn, noċ atá náoṁṫa, neiṁċiontaċ, gan ċáiḋe air biṫ, ar na sgaraḋ ré peacṫaċuiḃ, agus do rinneaḋ níos aírde ná na flaiṫis;