6 Béid síad náoṁṫa ċum a Ndé, agus ní ṫarcuisneoċuid síad ainm a Ndé: óir ofrála an TIĠEARNA déanta le teiniḋ, agus arán a Ndé, ofráluid siad: uime sin béid náoṁṫa.
Agus a duḃairt mé riú, Atáṫaói náoṁṫa don TIĠEARNA; atáid na soiṫiġe mar an gcéadna beannuiġ; agus atá an tairgiod agus an tór na nofráil ṫoileaṁuil don TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ.
A náit a ttugaḃair coiṁṫiġiḋ, gan timċillġearraḋ iona ccroiḋe, agus gan timċillġearraḋ iona ḃfeóil, do ḃeiṫ ann mo ṡanctóirse, dá ṫruáilleaḋ, eaḋon mo ṫiġ, an tan ofráilṫi marán, an méuṫus agus a nfuil, agus do ḃrisiodar mo ċunnraḋ do ḃríġ ḃur nuile ġráineaṁlaċtasa.
Ann sin a duḃairt Maóise re Háaron, Is é so an ní do laḃair an TIĠEARNA, gá ráḋ, Biáiḋ mé náoṁṫa annsa droing ṫig a ngar ḋaṁ, agus as coinne an ṗobail uile biáiḋ glóir ḋaṁ. Agus do ṫoċd Aáron.
Agus suiḋéoċuiḋ misi maġaiḋ a naġaiḋ an duine sin, agus gearrfad a maċ é as lár a ḋaóine: do ċionn go ttug cuid dá ṡíol do Ṁóleċ, do ṫruailleaḋ mo ṡánctóra, agus do ṫarcuisníuġaḋ manma náoṁṫa.
Ní ṫiucfa áonduine do ṡíol Aáron an sagart ar a mbía aineaṁ a ngoire díoḋbuirt ofrala an TIĠEARNA déanta lé teiniḋ: atá sé aineaṁaċ; ní tiucfa sé a ḃfogus dofráil aráin a Ḋé.
A ṁáin ní raċuiḋ táoḃ a steaċ do nfolaċ, nó a ḃfogus do naltóir, do ċíonn go ḃfuil aineaṁ air; ionnus naċ ttruáillfiḋ mó ṡanctoir: óir misi an TIĠEARNA do náoṁuiḋ mé íad.
Agus do laḃair sé re Córah agus ré na ċuídeaċduin uile, ḋá ráḋ, A máraċ féin taisbeanfuiḋ an TIĠEARNA cía is leis, agus cia atá naoṁṫa; agus dó ḃéara aír teaċd láiṁ ris: an té sin féin do ṫoġ sé is air do ḃéara teaċd a ngar ḋó.
Aiṫin do ċloinn Israel, agus abair riú, Coiṁéadfuid mofráil, agus marán ċum ioḋbarṫa déanta lé teiniḋ, mar ḋeaġḃolaḋ ḋaṁsa, dá ofráil ḋaṁ na am iomċuḃaiḋ féin.
Aċd is cinéul toġṫa siḃse, sagartaċd ríoġa, cineaḋ náoṁṫa, pubal ar leiṫ; ionnus go ḃfoillséoċaḋ siḃ suḃáilciḋe an tí do ġoir siḃ as dorċadus ċum a ṡolais iongantuiġ féín.