Do ċuáiḋ sé súas go Baiit, agus go Díbon, na háite árda, do ġul: núallfuiḋ Moab ós cionn Nébo, agus ós cionn Ṁedeba: biáiḋ maóile ar a cceannuiḃ uile, agus gaċ áon ḟéasóg geárrṫa ḋíoḃ.
Agus ṫusa a ṁíc an duine, glac ċugad scían ġéur, glac ċugad scían ḃéarṫa ḃearbóir, agus taḃair uirre siuḃal air do ċeann agus air ṫféasóig: annsin glac meaḋa an toṁais, agus roinn an ġrúag.
¶ Agus a duḃairt Maóise re Aáron, agus re Heleásar agus re Hitamar, a ṁaca, Ná noċtuiġ ḃur gcinn, narab mó ḃrisfiḋe ḃur néádaċ; deagla go murfiḋe siḃ, agus deagla feirge do ṫeaċd ar an pobal uile: aċd caoindís ḃur ndearḃraiṫre, tiġ Israel uile, an loscaḋ noċ do las an TIĠEARNA.
Agus iompoċa mé ḃur ḃféustaḋa a ndóbron, agus ḃur naḃráin uile a ccuṁaiḋ; agus do ḃéara mé saicéadaċ súas air a nuile leasraċ, agus maóile air gaċ nile ċeann; agus do ḋéana mé é uṁuil mar buḋ cuṁaiḋ arson aóinṁic, agus a ċríoċsin aṁuil deireaḋ laói ṡeirḃ.