1 Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, Laḃair ris na sagartuiḃ clánn Aáron, agus abair ríu, Ní ḃiaiḋ éanduine ar na ṫruáilleaḋ ar son na marḃ a measc an ṗobail:
Agus ní ṫiucfuid a naice ċuirp mairḃ ar bioṫ ḋá ttruáilleaḋ féin: aċt ar son aṫar, nó maṫar, nó ar son mic, no inġine, ar son dearḃraṫar, no deirḃṡeaṫar ag naċ raiḃ fear, is féidir léo íad féin do ṡalċaḋ.
Cluiniġ so, a ṡagarta; agus tugaiḋ aire, a ṫiġ Israel; agus éisdiġ, a ṫiġ an ríġ; óir atá ḃreiṫeaṁnus ċugaiḃ, do ḃríġ go raḃaḃair ḃur líon air Ṁispah, agus ḃur bpaintéur leagṫa air Ṫábor.
Sé so an dliġeaḋ, a nuáir ġeaḃus duine bás a lóistín: an ṁéid ṫiucfas a steaċ annsa lóistín, agus an ṁéid ḃías a stiġ annsa lóistín, béid neaṁġlan seaċd lá.